Friday 26 September 2014

Cén focal ba cheart a úsáid le 'vegetarian' a aistriú go Gaeilge?

Tá an focal 'feoilséantóir' tugtha ag Ó Dónaill agus De Bhaldraithe ina gcuid foclóirí mar aistriúchán ar 'vegetarian'. Tá áthas orm go bhfuil focal eile in úsáid ag focal.ie - 'veigeatóir', ar chupla cúis.

 I dosach báire, is aistriúchán míchruinn é feoilséanadh ar an gcoincheap Béarla, ‘vegetarianism’. Ní hamháin go staonann veigeatóirí ón bhfeoil, ach fanann siad amach ón iasc freisin. Ní thugann ‘feoilséanadh' é seo le fios - díríonn sé ar an bhfeoil amháin. Tá focal ar leith sa Bhéarla le cur síos a dhéanamh ar dhuine a staonann ón bhfeoil ach a itheann iasc - 'pescetarian'.

  Ach cén fáth gur coincheap é an feoilséanadh sa Ghaeilge ach nach bhfuil an t-iascséanadh ann, mar sin? An raibh sé de nós ag ár sinsear éirí as an bhfeoil ach leanúint orthu ag ithe iasc? D’fhéadfadh sé gur mar sin a tharla ar chúpla cúis - an tír eolas agus an reiligiún. Toisc gur i gceantair chósta nó oileáin is mó a mhair pobail na Gaeltachta anuas go dtí ár n-aois féin, is dócha go bhféadfaidís dul gan feoil gan fadhb toisc go raibh go leor iasc acu ach ní fhéadfaidís staonadh ón iasc mar nach mbeadh mórán eile le n-ithe acu ina áit!

  Maidir leis an reiligiún, tá sé de nós ag Caitlicigh staonadh ón bhfeoil ar Aoine an Chéasta agus b'fhéidir gurb as sin a shíolraigh an focal seo sa Ghaeilge. Amhail an focal 'féintruailliú', a bhfuil breithiúntas mórálta Caitliceach ag dul leis, táim ag ceapadh go raibh tionchar ag an reiligiún ar chumadh an fhocail 'feoilséanadh'. Níl anseo ach barúil ar ndóigh – níl aon fhoinse agam.

  Tá 'feoilséanadh' ró-chúng ar bhealaí eile freisin. Tá daoine eile nach n-itheann feoil riamh, ar ndóigh, agus ní bheadh sé oiriúnach feoilséantóirí a ghlaoch orthu toisc nach é go díreach go bhfuil siad ag diúltú don fheoil - ní ann don fheoil ar chor ar bith mar fhoinse bia acu. Is minic go mbíonn cúiseanna reiligiúnta acu. Tá Indiaigh agus Búdaithe ann nach n-itheann feoil leis na mílte bliain anuas, mar shampla, toisc gur idéal sa Hindúchas agus sa Bhudaíochas foréigean a scheachaint i leith gach créatúr beo. Bheadh sé míchruinn 'feoilséantóirí' a ghlaoch ar na daoine seo, dar liom - ní dhéanann an chuid is mó acu aon chinneadh pearsanta chun staonaodh ón bhfeoil, ach sin mar atá sé sa chultúr acu leis na cianta. Caithfidh gur thóg cuid dá sinsir cinneadh le cúl a thabhairt don fheoil ach ní bhaineann sin leis an dream atá suas sa lá atá inniu ann. Is nós seanbhunaithe acu é agus ní dócha gur gá dóibh mórán machnaimh a dhéanamh air toisc go bhfuil béilte blasta folláine acu nach mbaineann úsáid as feoil agus leanann na páistí sampla na ndaoine eile ina dtimpeall.

    Más rud é go dtógtar páiste ar aiste bia veigeatórach, ní gá don pháiste sin diúltú don fheoil, go háirithe má fhásann sé suas i gcultúr veigeatórach - rud atá ag éirí níos coitianta i dtíortha forbartha. Bheadh sé amaideach 'feoilséantóir' a ghlaoch ar pháiste a mhaireann ar bhia veigeatóireach ón gcliabhán - ar nós aindiagaí a ghlaoch ar pháiste nár chuala trácht ar Dhia riamh.

  Tá daoine eile ann nach mbacann le feoil a ithe toisc go bhfuil raon bia plandúil chomh flúirseach sin ar fáil acu go nádúrtha ina dtimpeallacht féin nach bhfuil feoil ag teastáil lena gcothú - an treibh a bhfuil cónaí orthu i ngleann Vilcabamba san Eacuadór, cuir i gcás. Ní itheann siad níos mó ná unsa feola in aghaidh na seachtaine, nuair a itheann siad in aon chor í. Arís ní hé go ndiúltaíonn an treibh seo don fheoil, ach ní bhacann siad léi. 

  Tá brí chúng ag 'feoilséantóir', mar sin. Ní shamhlaím é ach le Caitlicigh a théann gan feoil ar Aoine an Chéasta nó le linn an Charghais. Ach b'fhéidir go bhféadfaimis é a úsáid le cur síos a dhéanamh ar dhuine atá díreach tar éis iompú ina veigeatóir. Is dócha go mbeadh ar an té seo diúltú don fheoil ar feadh tamaill go dtí go nglacann cairde, teaghlach, srl. nach bhfuil aon anonn ná anall faoi! Is minic go leanann cairde nó baill teaghlaigh ag tairiscint feola don veigeatóir go neamhairdiúil agus is gá dó na tairiscintí seo a dhiúltú.

  Tharla sé seo domsa. Lean mo thuistí orthu ag impi orm feoil a ithe, mar shampla, toisc go raibh siad cinnte de go raibh an bás i ndán dom mura n'íosfainn greim feola gach lá. Sílim go raibh mo mháthair ag iarraidh go ndéanfainn dearmad ar mo chinneadh - lean sí uirthi ag ullmhú feola dom ar feadh tamaill. Rinne sí iarracht fiú greim feola a chur i bhfolach i bprátaí ar mo phláta. Ach tá áthas orm a rá gur sheas mé an fód i gcoinne a cuid ionsaithe feola agus nach bhfuilim tar éis bás a fháil den ocras. Daoine eile thairg siad feoil dom i ngan fhios dóibh go raibh mé tar éis é a thabhairt suas. Sílim go raibh áthas an domhain ar chara amháin nuair a thuig sé gur veigeatóir a bhí ionam agus mé ina theachsa don dinnéar mar bhí sé in ann na hispíní a ghoid ó mo phláta.

Dúirt cara eile liom go mbeadh sé níos fusa dó a rá lena athair go raibh sé aerach (cé nach bhfuil sé) na a ra leis go bhfuil sé éirithe as an bhfeoil. Fear mór bearbaiciú is ea an t-athair, fiú nuair a bhíonn an aimsir fliuch le linn an gheimhridh. Níl aon ócáid teaghlaigh ann nach mbaintear leas as an mbearbaiciú. Ar bhealach tuigim cás an athar. Is ócáid é an bearbaiciú gur deacair a shárú. Tugann sé an deis don athair rud éigin fiúntach a dhéanamh ar son cairde agus clainne. Fir nach bhfuil mórán maithis iontu sa chistin ceadaítear dóibh dul i mbun an bhearbaiciú ar aon chuma. Anuas air sin, is ócáid shóisialta tábhachtach é atá fréamhaithe i gcultúr na hÉireann faoin am seo. Is bealach é le feoil a chóicearáil go tapa blasmhar agus ní gá ach sailéad agus arán a ullmhú leis. Is breá leis an saol mór freastal air. Tuigim cén fáth go mbeadh daoine buartha dá gcuirfí deireadh leis an gcleachtas seo ar son na n-ainmhithe.

B'fhéidir go mbeadh sé cruinn, mar sin, feoilséantóirí a thabhairt orm agus mo chomh-veigeatóirí toisc go bhfuil gníomh diúltach agus i gcásanna áirithe, frithshóisialta, á ghlacadh againn nuair a cheilimid feoil orainn féin. Ach i ndiaidh do dhuine laethanta tosaigh an veigeatóireachais a chur de/ di, nuair nach gá feoil a dhiultú a thuilleadh, ní fhéadfaí a rá gur feoilséantóir é an duine a thuilleadh. É sin ráite, b'fhéidir go mbeadh an téarma seo réasúnta úsáideach le cur síos a dhéanamh ar veigeatóir in Éirinn nó i dtír iartharach eile, áiteanna ina bhfuil feoil á hithe ag formhór an phobail. Tá cinneadh comhfhiosach á thógáil ag an bhfeoiliteoir a iompaíonn ar aiste bia veigeatóireach i sochaí na hÉireann, murab ionann leis an té atá ina veigeatóir ón gcliabhán. Ach tá súil agam nach mbreathnófar ar an veigeatóireachas mar chinneadh diúltach ar feadh i bhfad eile, De réir mar a théann líon na veigeatóirí i méid tá athrú ag teacht ar an scéal seo – táthar ag glacadh leis an veigeatóireachas mar rogha ciallmhar eiticiúil, rogha a théann chun leasa sláinte an duine féin, sláinte na n-ainmhithe agus sláinte na timpeallachta. Rogha nach bhfuil diúltach ná baol air.

No comments:

Post a Comment