Thursday 19 March 2015

Ar thóir ceapaire


Táim díreach iompaithe i mo veigeatóir agus táim ag déanamh go leor machnaimh faoi. Go dtí le déanaí ní dhearna mé mórán machnaimh faoi, ní mór dom a admháil. Cheap mé go raibh an méid sin fadhbanna ag an gcine daonna cheana féin gur cheart dúinn iad sin a chur ina gceart sula dtabharfaimis aghaidh ar fhulaingt na n-ainmhithe. Anuas air sin, níor réitigh mé go maith le daoine a d'inis dom go raibh cúl tugtha acu don fheoil. Chuir siad as mo riocht mé, is dócha - mhothaigh mé míchompórdach in éineacht leo a fhad is a bhí mé féin fós bainteach le slad na n-ainmhithe. Aisteach go leor, i ndiaidh dom iompu i mo veigeatóir réitím i bhfad níos fearr leis na daoine seo ar chúis éigin.

Ach ar aon chuma déarfaidh mé cúpla focal libh i dtaobh mo thaithí mar veigeatóir go dtí seo. I dtosach báire, ní mór dom a admháil go bhfuil teipthe orm an rún a choinneáil i gcónaí. Uair amháin bhí ocras an domhain orm agus deifir orm mo lón a aimsiú agus mé ar mo bhealach go rang ar an ollscoil. Thug mé cuairt ar roinnt mhaith siopaí ar thóir ceapaire nach raibh feoil ann. Níor fhág mé cloch nó ceapaire gan chasadh sna siopaí ach ní raibh ceapaire veggie ar fáil. Ar deireadh thiar bheartaigh mé ar cheapaire sicín a cheannach. Murab ionann le formhór na ndaoine a itheann ceapairí sicín, rinne mé machnamh ar an sicín a fhad is a bhí mé á ithe. Cén cineál saoil a bhí aige - an i bhfeirm monarchan a bhí sé, brúite isteach leis na mílte sicín eile, iad ina mullach ar a chéile agus gan a ndóthain spáis lena gcuid sciathán a ghreadadh? Ar tugadh hormóin fáis dó chun é a bhrostú chun aibíocht feolach? Ar tugadh antaibheathaigh dó? Agus mé do mo cheistiú mar seo bhain mé pléisiúr as an gceapaire. An droch-dhuine mé?

Admhaím gur gníomh mímhorálta a bhí ann ach d'ith mé an ceapaire ar aon nós. Ach ba ghníomh mí-mhorálach é ar bhealach indíreach agus teibí, toisc nach raibh baint ar bith agamsa le marú an tsicín. Ach toisc go bhfuil a fhios agam go gcaitear go dona leis na hainmhithe a ithim agus go ngoilleann sé orm, an gciallaíonn sé sin go bhfuil caighdeán mórálta níos airde agam ná an té a itheann feoil gan machnamh ar bith a thabhairt don ainmhí marbh? Ar bhealach, b'fhéidir go léiríonn sé go bhfuil fiosracht mhorálta á léiriú agam thar mar is gnách don ghnáthdhuine, ach is dócha go dtuigeann gach duine, nach mór, anois cé mar a chaitear leis na hainmhithe a réitítear dúinn. Ar bhealach táím níos mothálaí ná an gnáthdhuine, mar sin, i gceist seo na feola (mar ní veigeatóirí iad tromlach an phobail in Éirinn), ach go dtí go mbeidh mé iompaithe i mo veigeatóir 'fad-téarmach', mar a déarfá, ní dóigh liom go bhfuil cúis bhróid nó ábhar maíte agam!


Teangeolaíocht

Ar scoil déantar staidéar ar theangacha don chuid is mó toisc gur gá  ceann nó dhó díobh a dhéanamh don teastas sóisearach agus don ardteist. Ní hé go bhfuil flosc foghlama ar na daltaí ach go bhfuil éigeantas á mbrú le teanga a dhéanamh.

Ach na daoine is fearr a n-éiríonn leo teanga áirithe a thabhairt leo tá an-dúil sa teanga ar chúis phearsanta éigin, rud nach bhfuil fíor do dhaltaí ar scoil i mo thuairimse.

Tá mórán cúiseanna ann a spreagann daoine i mbun teanga: post a aimsiú thar lear, suim i gcultúr nó litríocht, cúrsaí grá, bá le muintir na teanga, srl. Ach ar an drochuair, is minic nach ndéanann daltaí scoile staidéár ar theanga ach le pas a fháil i scrúdú.

Is minic go mbíonn siad ró-óg le cúis mhaith a bheith acu le dul i mbun teanga, agus is minic, mar sin, nach dtugann siad aire ar bith sa rang Fraincise nó Gearmáinise agus go dtosaíonn siad ag samhlú na teanga le ceachtanna leadránacha gramadaí.

Ar ndóigh, bíonn corrdhalta ann a chuireann suim i dteanga ach ní minic a mhúsclaítear a s(h)uim ar scoil féin – go minic bíonn tuistí nó leabhar nó turas ina bhfoinsí spreagtha. Ach in ainneoin nach timpeallacht spreagúil í an scoil i gcúrsaí teanga, is dócha nach gcuirfear deireadh le múineadh na dteangacha ar scoil agus caithfear slite a aimsiú chun daltaí a spreagadh sa seomra ranga más amhlaidh atá.

Sa teangeolaíocht déantar idirdhealú anois idir sealbhú teanga agus foghlaim teanga. Is próiséas é an ‘sealbhú teanga’ a tharlaíonn i ngan fhios duit: sealbhaíonn tú teanga trí bheith ag éisteacht agus ag léamh.

Ar an láimh eile, foghlaimíonn tú teanga go comhfhiosach trí staidéar a dhéanamh ar an ngramadach. Aithnítear anois go dtógaimid linn timpeall 90/ 95% de theanga trína sealbhú agus 5/ 10% trína foghlaim. Ós rud é go n-aithnítear an difríocht idir sealbhú agus foghlaim teanga, cheapfá go gcaithfí an chuid is mó den am sa seomra ranga ar an sealbhú .

Ach ní amhlaidh atá. Ar an drochuair, dírítear ar an bhfoghlaim ar scoil i bhfoirm ceachtanna gramadaí a dhéanamh agus liostaí foclóra nó briathra a chur de ghlanmheabhair.

Is cuimhin liom go mbíodh scrúduithe rialta agam féin ar rangú na mbriathra Fraincise ar scoil. Obair in aisce ba ea é seo: caithfear na briathra a fheiceáil i gcomhthéacs lena n-ionsú i gceart, rud nach mbíonn i gceist le liostaí briathra. Bheifí i bhfad níos fearr as daltaí a chur ag léamh ábhair a bhfuil suim acu ann, agus féadfaidh siad foirmeacha na mbriathra a ionsú i ngan fhios dóibh agus iad á dhéanamh. Agus cé acu atá níos suimiúla: úrscéal bog taitneamhach a léamh nó liosta briathra a chur de ghlanmheabhair? Baineann leadrán le ranganna teanga i láthair na huaire mar gheall ar iad a bheith dírithe ar an bhfoghlaim, i.e. streachailt le briathra agus liostaí foclóra.

D’fhéadfadh an seomra ranga a bheith i bhfad níos taitneamhaí agus d’fhéadfadh na daltaí i bhfad níos mó den teanga a thabhairt leo dá ndíreofaí ar an sealbhú teanga trí ábhar éisteachta suimiúil a chur ar fáil agus daltaí a chur ag léamh leabhar a bhfuil dúil acu féin a léamh as teann suime.

Tá rud amháin cinnte – ba cheart níos lú béime a chur ar cheachtanna gramadaí agus ar fhoghlaim liostaí foclóra agus briathra. Ní hé sin le rá nár cheart an ghramadach a mhúineadh ar chor ar bith – tá sí úsáideach má tá a dóthain den teanga sealbhaithe agat le teacht i dtír uirthi, nó más duine tú a bhfuil claonadh chun na gramadaí ionat (na daoine sin a théann a luí le Graiméar na mBraithre Críostaí, faoi mar a deir Tadhg Mac Dhonnagáin). Ach tuigimid ar fad gur mionlach iad siúd a a bhaineann taitneamh as comhráite faoin gCaighdeán Oifigiúil.

De ghnáth tá múinteoirí ar lucht an Chaighdeáin Oifigiúil agus is breá leo an ghramadach a mhúineadh mar tá an chuma air gur rud substaintiúil é. Ceaptar go bhfuil sé go maith tuirse agus leadrán a chur ar dhaltaí - nach comhartha é sin go bhfuil rud éígin á fhoghlaim acu? Ní hea, a deirim. Comhartha é go bhfuil droch-mhodh múinteoireachta in úsáid agus go bhfuil na daltaí ag imeacht ar bhóthar an aineolais toisc go samhlóidh siad an t-eolas le hobair in aisce an tseomra ranga.


Rud amháin a d’fhéadfaí a dhéanamh ar scoil ná ábhar suimiúil léitheoireachta a chur ar fáil do dhaltaí agus rang amháin in aghaidh na seachtaine a thabhairt suas don léitheoireacht. Dá mhéad leabhar atá ar fáil do dhaltaí ar ábhair éagsúla is ea is mó an seans go rachaidh siad i mbun léitheoireachta. Dar liom gur tábhachtaí go mór é beart mór leabhar a bheith ar fáil ná aon cheist eile a bhaineann leis an gcuraclam, le cúrsaí scrúduithe, srl.

Dá mbeinn i mo mhúinteoir Gaeilge ar an meánscoil thabharfainn cead do dhaltaí rud ar bith a léamh sa Ghaeilge ar feadh rang amháin in aghaidh na seachtaine.

Chuirfinn ábhar léitheoireachta suimiúil agus so-thuigthe ar fáil. Tá go leor úrscéalta Gaeilge ann do dhéagóirí agus caithfidh cuid acu a bheith réasúnta suimiúil!

Tá greannáin ann sa Ghaeilge freisin, a bheadh oiriúnach do na ranganna sóisearacha. Ar ndóigh, tá cumais éagsúla ag daltaí éagsúla i dteanga ar bith, agus bheadh ábhair léitheoireachta ar leibhéil éagsúla ag teastáil, agus bheadh an dualgas orm cabhrú le gach dalta leabhar oiriúnach a aimsiú dá c(h)umas féin.

Friday 27 February 2015

Oideachas Baile

Físeán é seo (https://www.youtube.com/watch?v=trS6dwD7IP0) faoi mhuintir Uí Néill i gcontae Cheatharlaigh, Monica agus Eddie, nach gcuireann a gcuid páistí ar scoil. Bhí an teaghlach seo sa nuacht le déanaí de bharr achrainn a bhí acu le húdaráis na Roinne Oideachais i dtaobh an oideachais bhaile. Ghearr Cúirt Dúiche Cheatharlaigh dhá fhíneáil eagsula orthu le cúpla bliain anuas - ceithre mhíle euro ar an iomlán, toisc gur dhiúltaigh siad dul faoi mheasúnú oideachais an stáit. Gearradh tréimhsí príosúna orthu beirt freisin.


Déanann an Roinn Oideachais measúnú ar thuistí a théann leis an teagasc baile le cinnitú go bhfuil siad in ann minimum éigin oideachais a thabhairt dá gclann. Ar ndóigh tá sé tábhachtach go ndéanfaí amhlaidh chun páistí a chosaint ón mí-úsáid agus ón aineolas. Ach deir Monica agus Eddie go bhfuil siad bréan de bheith ag déanamh measúnaithe don Roinn Oideachais ag an bpointe seo - tá seisear clainne orthu agus deir siad go bhfuil siad cráite ag an Roinn Oideachais i ndiaidh dóibh measúnú a dhéanamh i gcás gach páiste da gcuid.

Is cosúil go bhfuil an Bunreacht ag tacú lena gcás. De réir Airteagal 42 de Bhunreacht na hÉireann, admhaíonn an Stát gurb é 'an Teaghlach is múinteoir príomha dúchasach don leanbh, agus ráthaíonn gan cur isteach ar cheart doshannta ná ar dhualgas doshannta tuistí chun oideachas de réir a n-acmhainne a chur ar fáil dá gclainn i gcúrsaí creidimh, moráltachta, intleachta, coirp agus comhdhaonnachta.' Tá an lánúin seo ag áiteamh go bhfuil an Stát ag cur a ladar i gcúrsaí an teaghlaigh gan iarraidh.


Sílim féin gur fánach don Stát a bheith ag déanamh an oiread seo feitheoireachta ar mhuintir Uí Néill. Is léir gur tuistí coinsiasacha iad beirt agus faoi mar is léir ón bhfíseán tá páistí éirimiúla sona tógtha acu. Is léir go bhfuil dianmhachnamh déanta ag Monica agus Eddie ar cheist an oideachais agus tá siad sásta stró breise a chur orthu féin ar mhaithe le forbairt a bpáistí trína gcoinneáil sa bhaile. Ar ndóigh níl gach aon duine ar aon tuairim maidir leis an gcaoi is fearr le hoideachas a chur ar pháistí ach tá freagracht tógtha ag Monica agus Eddie as oideachas a bpáistí, rud atá le moladh go hard dar liom. 

Bheadh sé níos céillí don Stát imní níos mó a bheith orthu faoi thuistí nach bhfuil suim ar bith acu in oideachas a bpáistí - tuistí a dhéanann faillí ina gcuraimí clainne.

I gcás Monica agus Eddie Uí Néill is léir go bhfuil an-suim ag an mbeirt acu i gcúrsaí oideachais, tá leabhair agus uirlisí ceoil acu sa bhaile agus tá gach cuma ar an scéal gur tuistí grámhara foighneacha iad. Ní dhéánann siad aon rud a bhrú ar na páistí, idir reiligiún nó ábhair eile, agus is léir go bhfuil na páistí ag déanamh go leor foghlama as a stuaim féin in ainneoin nach bhfuil oideachas foirmiuil a fhail acu. Anuas air sin, tá cónaí orthu i dteach álainn faoin tuath ina bhfuil saoirse chun spaisteoireachta agus súgartha acu. Tá an t-ádh ar an teaghlach seo go bhfuil siad in ann a gcuid páistí a choinneáil sa bhaile agus dar liom go bhfuil siad i bhfad níos fearr as sa bhaile ná ar scoil.

Tagaim le Monica agus Eddie go bhfuil oideachas sa bhaile níos fearr dá bpáistí ina gcás siúd. Faoi mar a deir na páistí san fhíseán, níl aon amhras ach go gcuirtear an-chuid ama amú ar scoil ar cheachtanna leadránacha, chúrsaí riaracháin, ranganna plódaithe, srl. agus go bhfuil easpa saoirse ag na páistí i dtaobh rogha na n-ábhar a bhfuil suim acu féin iontu. Tá an t-ádh ar pháistí Uí Néill nach gá dóibh é seo fhulaingt.

Ach ní acmhainn do mhórán daoine eile a leithéid de dheis a chur ar fáil dá bpáistí. Samhlaigh máthair aonarach in árasán beag cathrach atá ag obair chuile lá, mar shampla. Tá sé an-tábhachtach go bhfreastlódh formhór na bpáistí ar an scoil mar nach bhfuil an t-am nó an cumas ag a dtuistí le haire a thabhairt da bpaisti sa bhaile le linn an lae.

Anuas air sin, tugann an scoil cosaint do pháistí ó dhroch-íde nó aineolas na dtuistí. Tá an baol ann go ndéanfadh tuistí reiligiúnta a gcuid páistí a shiolteagasc sa bhaile. Tá tuistí ann a dhéanann iarracht reiligiún éigin a bhrú ar a bpáistí in áit oideachas leathan a thabhairt dóibh. Sna Stait Aontaithe, is Criostaithe Soiscealacha (Evangelical Christians) iad 75% de na tuisti a theann leis an scolaiocht bhaile. Má cheadaítear do thuistí a bpáistí a choinneáil amach ón scoil tá sé an-deacair oideachas claonta a chosc, más é sin aidhm na dtuismitheoirí. Más rud é go bhfuil na cáilíochtaí cuí ag na tuistí (céim ollscoile a bheith ag duine amháin acu) agus go n-éiríonn leo i measúnú an stáit, tig leo a rogha rud a mhúineadh do na páistí.


Feictear domsa go bhfuil dhá phríomh-chatagóir tuismitheoirí ann a théann leis an oideachas baile mar sin. Ar láimh amháin tá tuistí ann nach bhfuil ach forbairt intleachtúil agus saoirse mar aidhm acu dá gclann. Ach tá tuistí eile ann a théann leis an oideachas baile chun aigne a bpáistí a smachtú agus chun cinnte a dhéanamh nach ndéanann aon duine aigne a bpáistí a 'thruailliú' le smaointe neamhreiligiúnta. Ní suim do na tuistí seo saoirse a thabhairt dá bpáistí ach iad a choimeád ar iall. I dtíortha áirithe ar nós na Sualainne a bhfuil córas scolaíochta neamhreiligiúnta acu tá éigeantas scoile ann chun a leithéid de rud a sheachaint. Creidtear sna tíortha seo go bhfuil sé de cheart ag gach páiste oideachas a fháil atá saor ón síolteagasc reiligiúnta.

In Éirinn, faraor, tá smacht ag an Eaglais Chaitliceach ar fhormhór na mbunscoileanna go fóill agus tá éiteas reiligiúnta iontu dá bhrí sin - tá curaclam reiligiúnta ann, agus múintear na saicrimintí iontu. Go minic níl an dara rogha ag tuistí neamhreiligiúnta ach a bpáistí a chur ar scoil atá faoi smacht na hEaglaise toisc nach bhfuil aon chineál eile scoile ar fáil. Roghnaíonn cuid acu a bpáistí a choinneáil sa bhaile chun a leithéaid de theagasc reiligiúnta a sheachaint.