Friday 19 August 2016

Scannal Mhá Nuad

  Deir an t-ardeaspag Martin go bhfuil ‘gníomhaíochtaí aisteacha’ ar bun i gcliarscoil Mhá Nuad agus gur de bharr seo a bheartaigh sé ar thriúr sagart oiliúna faoina chúram a chur chuig an Róimh. Tá sé ráite go bhfuil ‘fochultúr aerach’ ann i Má Nuad agus go bhfuil sagairt áirithe ag baint úsáide as an aip d’fhir aeracha, Grindr.
   Dealraíonn sé go bhfuil níos mó ag baint leis an scéal ná raic faoin homaighnéasacht, áfach. Tá atmaisféar achrannach le brath sa chliarscoil le fada an lá: tá an scéal faoin bhfochultúr aerach tar éis fadhbanna seanbhunaithe an choláiste oiliúna a thabhairt chun solais. B’ábhar conspóide é coláiste Mhá Nuad i measc tráchtairí Caitliceacha leis na blianta fada, a deir David Quinn a bhí mar eagarthóir ar ‘The Irish Catholic’ ar feadh tréimhse fada agus a fuair fianaise ó iar-shagairt oiliúna a dúirt leis go raibh Má Nuad imithe chun donais. Tá Mark Dooley ag déanamh cur síos ar fhadhbanna Mhá Nuad le cúpla bliain anuas freisin.
   I measc na ngearán a chuirtear i leith fhoireann teagaisc an choláiste ná go bhfuil siad ró-liobarálach agus go bhfuil siad ró-dhian ar shagairt oiliúna a bhfuil tuairimí coimeádacha acu. Díbríodh sagairt oiliúna a bhí ‘ró-cheartchreidmheach’ (orthodox), nó ró-thraidisiúnta, as an gcoláiste ar fad, toisc go raibh a nósanna ‘seanchaite’ ag cur as don fhoireann, de réir dealraimh.
   Is cosúil go bhfuil údaráis Mhá Nuad ag iarraidh tuiscint níos liobarálaí den Chaitliceachas a chur chun cinn, mar sin - tuiscint atá ag teacht le ré na haoise seo, in áit a bheith sáinnithe siar ‘i nósanna seanchaite na 1950idí’, faoi mar a dúirt duine amháin a thacaíonn leis an treocht liobarálach seo. De réir tráchtairí áirithe, b’fhearr don Eaglais liobarálú a dhéanamh ar a cuid teagasc chun dul in oiriúint don saol nua-aimseartha agus is sa bhealach sin a éireoidh léi daoine a mhealladh ar ais in Éirinn.
   Anuas air sin, dealraíonn sé go bhfuil údaráis Mhá Nuad ag cur drochnósanna na sagart oiliúna faoi cheilt. Is cosúil go bhfuil siad ag iarraidh clú na hEaglaise a chosaint nó go bhfuil siad féin páirteach sna ‘gníomhaíochta aisteacha’: is cosúil go scaoiltear le go leor drabhláis agus collaíochta ar an gcoláiste, rud a théann i gcoinne éiteas agus teagaisc na hEaglaise ar ndóigh agus a léiríonn fimínteacht cuid den chléir arís i gcúrsaí moráltachta.
   Ach tá sciar maith Caitliceach ag iarraidh go bhfanfadh Má Nuad dílis do rialacha ceartchreidmheacha na Róimhe. Dar leo nach bhfuil sé de cheart nó d’údárás ag foireann oiliúna Mhá Nuad a rialacha féin a chumadh agus beag beann a dhéanamh de thraidisiúin sheanbhunaithe na hEaglaise.
  Cé nach Caitliceach creidmheach mé a thuilleadh – is cineál Caitliceach cultúrtha mé – aontaím le heite dheis na hEaglaise sa chás seo. Ar mhaithe le hinmharthanacht agus todhchaí na hEaglaise féin, b’fhearr clár ceartchreidmheach a chur i bhfeidhm i Má Nuad agus deireadh a chur leis an treocht liobarálach ina bhfuil an coláiste oiliúna ag taisteal faoi láthair. B’fhéidir go bhfuil blas frithiomasach (counterintuitive) ar an tuairim seo daoibh, ach fan liom go míneoidh mé.
  Anois, cén fáth ar cheart an Eaglais a shábháil? Tá muinín caillte ag pobail an Iarthair i bhfiúntas agus i luach a gcultúir féin. Ach ar ar an iomlán, bhí dea-thionchar ag an Eaglais agus ag tíortha Eorpacha ar an tsochaí ó bhí ann di agus gur siombail thábhachtach í de leanúnachas agus d’oidhreacht na sibhialtacha Iartharaí: is í an institiúid is sine í ar domhan agus bhí ról lárnach aici i dteacht chun cinn na sibhialtachta Eorpaí. B’fhéidir gur chuir an chléir a ladar i gcúrsaí an stáit go ró-mhinic in Éirinn tráth dá raibh, ach tá an ré sin thart anois, agus caithfidh sí cur chuige éagsúil a ghlacadh anois chun daoine a mhealladh ar aon nós. Ar ndóigh, bhí scannal mhí-úsáid na leanaí déisteanach. Ach céatadán fíor-bheag sagart a bhí ag teacht salach ar theagaisc na hEaglaise a bhí i gceist. Bhí deacrachtaí institiúideacha a bhain leis an tslí inar cheil an Eaglais coireanna na mí-úsáideoirí chun a clú féin a chosaint, ach tá iarracht mhór déanta aici an scéal a chur ina cheart agus na daoine ar baineadh mí-úsáid astu a chúitiú. 
   Tá rátaí breithe an Iarthair imithe i léig, rud a léiríonn go bhfuil muinín caillte againn as an todhchaí. Tig leis an Eaglais daoine a spreagadh chun é seo a cheart ina cheart toisc gurb é an polasaí a mholann an Eaglais ná: ‘téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh’. Anuas air sin, de réir go leor taighde, tá rátaí sonais agus gníomhaíochta pobail níos airde ag an gcreidmheach thar an díchreadmheach: tá an creidmheach níos flaithiúla i dtaobh tabhartas carthanúil, tá rátaí meabhairghalair agus colscartha níos ísle aige. Ar na cúiseanna seo ar fad, sílim go bhfuilimid i bhfad níos fearr as má éiríonn leis an eaglais Chaitliceach teacht slán as an bponc ina bhfuil sí faoi láthair in Éirinn.
  Rud nach bpléitear go minic ná go bhfuil athbheochan Críostaí ar bun ar fud an Iarthair faoi láthair, Meiriceá agus Eoraip san áireamh. Le cúpla scór bliain anuas tá Eaglaisí bunchreidmheacha Protastúnacha agus an ghluaiseacht charasmatach Chaitliceach ag fás ag ráta an-tapa ar chúpla cúis. Cúis amháin ná go bhfuil ráta breithe níos airde ná an gnáthphobal ag creidmhigh (dá cheartchreidmhí atá tú is ea is mó páistí a bheidh agat). Anuas air sin, tá baill dhíograiseacha, fhuinniúla ag Eaglaisí bunchreidmheacha nach bhfuil náire orthu dul amach chun an soiscéal a scaipeadh agus earcú a dhéanamh i measc an phobail. Is Protastúnaigh bhunchreidmheacha a bhíonn ina seasamh lasmuigh d’Ardoifig an Phoist gach lá le bileoga eolais acu, mar shampla, ní sagairt Chaitliceacha.
   I gcodarsnacht le rath na mbunchreidmheach, tá meath ag teacht ar Eaglaisí seanbhunaithe Protastúnacha. Ceann de na cúiseanna leis seo ná nach bhfuil muinín mhorálta ag na hEaglaisí seo as a bhfuil á chur chun cinn acu a thuilleadh. San Ollainn, mar shampla, tá ministirí aindiacha ann a admhaíonn nach gcreideann siad i nDia,! Níl fuinneamh nó flosc faoi na sean-Eaglaisí seo a thuilleadh, agus níl ag éirí leo daoine a mhealladh chucu dá bharr.
    Más mian leis an Eaglais Chaitliceach teacht slán agus bheith in iomaíocht leis na heaglaisí bunchreidmheacha, caithfidh sí rud éigin sainiúil a chur ar fáil don phobal agus bóthar patuar na sean-Eaglaisí Protastúnacha a sheachaint. Ní mór do Chaitlicigh a thaispeáint go bhfuil prionsabail acu, go gcreideann siad go láidir iontu, go bhfuil muinín acu astu agus gur fiú iad a leanúint.
   Tá coláistí oiliúna Caitliceacha i Meiriceá oscailte le tamall anuas a bhfuil leasuithe ceartchreidmheacha curtha i bhfeidhm iontu ina leantar rialacha agus éiteas traidisiúnta na hEaglaise, agus ina gcaitear feisteas traidisiúnta na hEaglaise (deir duine amháin go mbeadh sé níos deacra do shagairt i Má Nuad Grindr a úsáid dá mbeadh orthu culaith dhubh an tsagairt a chaitheamh!). Agus tá éirithe go hiontach leis na coláistí sin – tá líon na sagart oiliúna méadaithe go suntasach le cúpla bliain anuas. Ar an láimh eile, tá líon na sagart oiliúna i Má Nuad an-íseal agus níl aon chuma air go n-athróidh an scéal sin go luath. Thosaigh 13 fear ag déanamh staidéir i coláiste oiliúna Mhá Nuad In 2015. Dá mbeadh an ráta céanna iontrála againn in Éirinn is atá I Meiriceá (ag glacadh san áireamh difríochtaí sa daonra) bheadh 43 sagart iontrála againn anseo.
   Tá an baol ann go ndéanfar an Eaglais a lagú agus go gcuirfear lagmhisneach agus mearbhall ar Chaitlicigh dhílse mura gcloítear le prionsabail sheanbhunaithe na hEaglaise. Agus nach é feidhm na hEaglaise prionsabail shíoraí Dé a chaomhnú, prionsabail nach n-athraíonn de réir aois na linne? Má chuirtear a thuilleadh leasuithe liobrálacha i bhfeidhm, má ghéilltear don bhrú ó na meáin liobrálacha ‘teacht suas chun dáta’, ní bheidh ann don Eaglais Chaitliceach a thuilleadh ach leagan eile den Phrotastúnachas liobrálach (cé go mbeidh deasghnátha, séipéil agus feisteas níos deise fós ag Caitlicigh). Agus níl i ministirí Protastúnacha sa Bhreatain ach cineál intleachtóirí den eite chlé a mbeadh fáilte ar a dtuairimí i leathanaigh an Irish Times nó an Guardian, nuachtáin bien-pensant ár linne.
   Níor cheart don eaglais faitíos a bheith uirthi filleadh ar an dúchas, mar sin, agus gan ghéilleadh do thráchtarí liobrálacha na linne nach bhfuil ag iarraidh ach an Eaglais a fheiceáil I gcré ar aon chaoi. Ní mór don Eaglais a thuiscint gur ar bhealach a haimhleasa a rachaidh sí má ghlacann sí le ‘comhairle’ na dtrachtairí seo.