Físeán é
seo (https://www.youtube.com/watch?v=trS6dwD7IP0) faoi mhuintir Uí Néill i gcontae Cheatharlaigh, Monica agus Eddie, nach
gcuireann a gcuid páistí ar scoil. Bhí an teaghlach seo sa nuacht le déanaí de
bharr achrainn a bhí acu le húdaráis na Roinne Oideachais i dtaobh an oideachais bhaile. Ghearr Cúirt Dúiche Cheatharlaigh dhá fhíneáil eagsula orthu le cúpla bliain anuas - ceithre mhíle euro ar an iomlán, toisc gur dhiúltaigh siad dul faoi mheasúnú oideachais an stáit. Gearradh tréimhsí príosúna orthu beirt freisin.
Déanann an Roinn Oideachais measúnú ar thuistí a théann
leis an teagasc baile le cinnitú go bhfuil siad in ann minimum éigin
oideachais a thabhairt dá gclann. Ar ndóigh tá sé tábhachtach go ndéanfaí
amhlaidh chun páistí a chosaint ón mí-úsáid agus ón aineolas. Ach deir Monica agus Eddie go bhfuil siad bréan de bheith ag déanamh measúnaithe don Roinn Oideachais ag an bpointe seo - tá seisear clainne orthu agus deir siad go bhfuil siad cráite ag an Roinn Oideachais i ndiaidh dóibh measúnú a dhéanamh i gcás gach páiste da gcuid.
Is cosúil go bhfuil an Bunreacht ag tacú lena gcás. De réir Airteagal 42 de Bhunreacht na hÉireann, admhaíonn an Stát gurb é 'an Teaghlach is múinteoir príomha dúchasach don leanbh, agus ráthaíonn gan cur isteach ar cheart doshannta ná ar dhualgas doshannta tuistí chun oideachas de réir a n-acmhainne a chur ar fáil dá gclainn i gcúrsaí creidimh, moráltachta, intleachta, coirp agus comhdhaonnachta.' Tá an lánúin seo ag áiteamh go bhfuil an Stát ag cur a ladar i gcúrsaí an teaghlaigh gan iarraidh.
Is cosúil go bhfuil an Bunreacht ag tacú lena gcás. De réir Airteagal 42 de Bhunreacht na hÉireann, admhaíonn an Stát gurb é 'an Teaghlach is múinteoir príomha dúchasach don leanbh, agus ráthaíonn gan cur isteach ar cheart doshannta ná ar dhualgas doshannta tuistí chun oideachas de réir a n-acmhainne a chur ar fáil dá gclainn i gcúrsaí creidimh, moráltachta, intleachta, coirp agus comhdhaonnachta.' Tá an lánúin seo ag áiteamh go bhfuil an Stát ag cur a ladar i gcúrsaí an teaghlaigh gan iarraidh.
Sílim féin gur fánach don Stát a bheith ag
déanamh an oiread seo feitheoireachta ar mhuintir Uí Néill. Is léir gur tuistí coinsiasacha iad beirt agus faoi mar is léir ón bhfíseán tá páistí éirimiúla sona tógtha
acu. Is léir go bhfuil dianmhachnamh déanta ag Monica agus Eddie ar cheist an
oideachais agus tá siad sásta stró breise a chur orthu féin ar mhaithe le
forbairt a bpáistí trína gcoinneáil sa bhaile. Ar ndóigh níl gach aon duine ar
aon tuairim maidir leis an gcaoi is fearr le hoideachas a chur ar pháistí ach tá
freagracht tógtha ag Monica agus Eddie as oideachas a bpáistí, rud atá le
moladh go hard dar liom.
Bheadh sé níos céillí don Stát imní níos mó a bheith orthu faoi thuistí nach bhfuil suim ar bith
acu in oideachas a bpáistí - tuistí a dhéanann faillí ina gcuraimí
clainne.
I gcás Monica agus Eddie Uí Néill is léir go bhfuil an-suim
ag an mbeirt acu i gcúrsaí oideachais, tá leabhair agus uirlisí ceoil acu sa
bhaile agus tá gach cuma ar an scéal gur tuistí grámhara foighneacha iad. Ní
dhéánann siad aon rud a bhrú ar na páistí, idir reiligiún nó ábhair eile, agus is léir go bhfuil na páistí ag déanamh go leor foghlama as a stuaim féin in ainneoin nach bhfuil oideachas foirmiuil a fhail acu. Anuas
air sin, tá cónaí orthu i dteach álainn faoin tuath ina bhfuil saoirse chun
spaisteoireachta agus súgartha acu. Tá an t-ádh ar an teaghlach seo go bhfuil
siad in ann a gcuid páistí a choinneáil sa bhaile agus dar liom go bhfuil siad
i bhfad níos fearr as sa bhaile ná ar scoil.
Tagaim le Monica agus Eddie go bhfuil oideachas sa bhaile níos fearr dá bpáistí ina gcás siúd. Faoi mar a deir na páistí san fhíseán, níl aon amhras ach go gcuirtear an-chuid ama amú ar scoil ar cheachtanna leadránacha, chúrsaí riaracháin, ranganna plódaithe, srl. agus go bhfuil easpa saoirse ag na páistí i dtaobh rogha na n-ábhar a bhfuil suim acu féin iontu. Tá an t-ádh ar pháistí Uí Néill nach gá dóibh é seo fhulaingt.
Ach ní acmhainn do mhórán daoine eile a leithéid de dheis a
chur ar fáil dá bpáistí. Samhlaigh máthair aonarach in árasán beag cathrach atá ag obair chuile lá, mar shampla. Tá sé an-tábhachtach go
bhfreastlódh formhór na bpáistí ar an scoil mar nach bhfuil an t-am nó an cumas
ag a dtuistí le haire a thabhairt da bpaisti sa bhaile le linn an lae.
Anuas air sin, tugann an scoil cosaint do pháistí ó
dhroch-íde nó aineolas na dtuistí. Tá an baol ann go ndéanfadh tuistí
reiligiúnta a gcuid páistí a shiolteagasc sa bhaile. Tá tuistí
ann a dhéanann iarracht reiligiún éigin a bhrú ar a bpáistí in áit oideachas
leathan a thabhairt dóibh. Sna Stait Aontaithe, is Criostaithe Soiscealacha (Evangelical Christians) iad 75% de na tuisti a theann leis an scolaiocht bhaile. Má cheadaítear do thuistí a bpáistí a choinneáil
amach ón scoil tá sé an-deacair oideachas claonta a chosc, más é
sin aidhm na dtuismitheoirí. Más rud é go bhfuil na cáilíochtaí cuí ag na
tuistí (céim ollscoile a bheith ag duine amháin acu) agus go n-éiríonn leo i
measúnú an stáit, tig leo a rogha rud a mhúineadh do na páistí.
Feictear domsa go bhfuil dhá phríomh-chatagóir
tuismitheoirí ann a théann leis an oideachas baile mar sin. Ar láimh amháin tá
tuistí ann nach bhfuil ach forbairt intleachtúil agus
saoirse mar aidhm acu dá gclann. Ach tá tuistí eile
ann a théann leis an oideachas baile chun aigne a bpáistí a smachtú agus chun
cinnte a dhéanamh nach ndéanann aon duine aigne a bpáistí a 'thruailliú' le
smaointe neamhreiligiúnta. Ní suim do na tuistí seo saoirse a thabhairt dá
bpáistí ach iad a choimeád ar iall. I dtíortha áirithe ar nós na Sualainne a
bhfuil córas scolaíochta neamhreiligiúnta acu tá éigeantas scoile ann chun a leithéid de rud a sheachaint. Creidtear sna tíortha seo go
bhfuil sé de cheart ag gach páiste oideachas a fháil atá saor ón síolteagasc
reiligiúnta.
In Éirinn, faraor, tá smacht ag an Eaglais Chaitliceach ar fhormhór na mbunscoileanna go fóill agus tá éiteas reiligiúnta iontu dá bhrí sin - tá curaclam reiligiúnta ann, agus múintear na saicrimintí iontu. Go minic níl an dara rogha ag tuistí neamhreiligiúnta ach a bpáistí a chur ar scoil atá faoi smacht na hEaglaise toisc nach bhfuil aon chineál eile scoile ar fáil. Roghnaíonn cuid acu a bpáistí a choinneáil sa bhaile chun a leithéaid de theagasc reiligiúnta a sheachaint.
In Éirinn, faraor, tá smacht ag an Eaglais Chaitliceach ar fhormhór na mbunscoileanna go fóill agus tá éiteas reiligiúnta iontu dá bhrí sin - tá curaclam reiligiúnta ann, agus múintear na saicrimintí iontu. Go minic níl an dara rogha ag tuistí neamhreiligiúnta ach a bpáistí a chur ar scoil atá faoi smacht na hEaglaise toisc nach bhfuil aon chineál eile scoile ar fáil. Roghnaíonn cuid acu a bpáistí a choinneáil sa bhaile chun a leithéaid de theagasc reiligiúnta a sheachaint.
No comments:
Post a Comment