Thursday, 19 March 2015
Ar thóir ceapaire
Táim díreach iompaithe i mo veigeatóir agus táim ag déanamh go leor machnaimh faoi. Go dtí le déanaí ní dhearna mé mórán machnaimh faoi, ní mór dom a admháil. Cheap mé go raibh an méid sin fadhbanna ag an gcine daonna cheana féin gur cheart dúinn iad sin a chur ina gceart sula dtabharfaimis aghaidh ar fhulaingt na n-ainmhithe. Anuas air sin, níor réitigh mé go maith le daoine a d'inis dom go raibh cúl tugtha acu don fheoil. Chuir siad as mo riocht mé, is dócha - mhothaigh mé míchompórdach in éineacht leo a fhad is a bhí mé féin fós bainteach le slad na n-ainmhithe. Aisteach go leor, i ndiaidh dom iompu i mo veigeatóir réitím i bhfad níos fearr leis na daoine seo ar chúis éigin.
Ach ar aon chuma déarfaidh mé cúpla focal libh i dtaobh mo thaithí mar veigeatóir go dtí seo. I dtosach báire, ní mór dom a admháil go bhfuil teipthe orm an rún a choinneáil i gcónaí. Uair amháin bhí ocras an domhain orm agus deifir orm mo lón a aimsiú agus mé ar mo bhealach go rang ar an ollscoil. Thug mé cuairt ar roinnt mhaith siopaí ar thóir ceapaire nach raibh feoil ann. Níor fhág mé cloch nó ceapaire gan chasadh sna siopaí ach ní raibh ceapaire veggie ar fáil. Ar deireadh thiar bheartaigh mé ar cheapaire sicín a cheannach. Murab ionann le formhór na ndaoine a itheann ceapairí sicín, rinne mé machnamh ar an sicín a fhad is a bhí mé á ithe. Cén cineál saoil a bhí aige - an i bhfeirm monarchan a bhí sé, brúite isteach leis na mílte sicín eile, iad ina mullach ar a chéile agus gan a ndóthain spáis lena gcuid sciathán a ghreadadh? Ar tugadh hormóin fáis dó chun é a bhrostú chun aibíocht feolach? Ar tugadh antaibheathaigh dó? Agus mé do mo cheistiú mar seo bhain mé pléisiúr as an gceapaire. An droch-dhuine mé?
Admhaím gur gníomh mímhorálta a bhí ann ach d'ith mé an ceapaire ar aon nós. Ach ba ghníomh mí-mhorálach é ar bhealach indíreach agus teibí, toisc nach raibh baint ar bith agamsa le marú an tsicín. Ach toisc go bhfuil a fhios agam go gcaitear go dona leis na hainmhithe a ithim agus go ngoilleann sé orm, an gciallaíonn sé sin go bhfuil caighdeán mórálta níos airde agam ná an té a itheann feoil gan machnamh ar bith a thabhairt don ainmhí marbh? Ar bhealach, b'fhéidir go léiríonn sé go bhfuil fiosracht mhorálta á léiriú agam thar mar is gnách don ghnáthdhuine, ach is dócha go dtuigeann gach duine, nach mór, anois cé mar a chaitear leis na hainmhithe a réitítear dúinn. Ar bhealach táím níos mothálaí ná an gnáthdhuine, mar sin, i gceist seo na feola (mar ní veigeatóirí iad tromlach an phobail in Éirinn), ach go dtí go mbeidh mé iompaithe i mo veigeatóir 'fad-téarmach', mar a déarfá, ní dóigh liom go bhfuil cúis bhróid nó ábhar maíte agam!
Teangeolaíocht
Ar scoil déantar staidéar ar theangacha don chuid is mó toisc gur gá ceann nó dhó díobh a dhéanamh don teastas sóisearach agus don ardteist. Ní hé go bhfuil flosc foghlama ar na daltaí ach go bhfuil éigeantas á mbrú le teanga a dhéanamh.
Ach na daoine is fearr a n-éiríonn leo teanga áirithe a thabhairt leo tá an-dúil sa teanga ar chúis phearsanta éigin, rud nach bhfuil fíor do dhaltaí ar scoil i mo thuairimse.
Ach na daoine is fearr a n-éiríonn leo teanga áirithe a thabhairt leo tá an-dúil sa teanga ar chúis phearsanta éigin, rud nach bhfuil fíor do dhaltaí ar scoil i mo thuairimse.
Tá mórán cúiseanna ann a spreagann daoine i mbun teanga: post a aimsiú thar lear, suim i gcultúr nó litríocht, cúrsaí grá, bá le muintir na teanga, srl. Ach ar an drochuair, is minic nach ndéanann daltaí scoile staidéár ar theanga ach le pas a fháil i scrúdú.
Is minic go mbíonn siad ró-óg le cúis mhaith a bheith acu le dul i mbun teanga, agus is minic, mar sin, nach dtugann siad aire ar bith sa rang Fraincise nó Gearmáinise agus go dtosaíonn siad ag samhlú na teanga le ceachtanna leadránacha gramadaí.
Ar ndóigh, bíonn corrdhalta ann a chuireann suim i dteanga ach ní minic a mhúsclaítear a s(h)uim ar scoil féin – go minic bíonn tuistí nó leabhar nó turas ina bhfoinsí spreagtha. Ach in ainneoin nach timpeallacht spreagúil í an scoil i gcúrsaí teanga, is dócha nach gcuirfear deireadh le múineadh na dteangacha ar scoil agus caithfear slite a aimsiú chun daltaí a spreagadh sa seomra ranga más amhlaidh atá.
Sa teangeolaíocht déantar idirdhealú anois idir sealbhú teanga agus foghlaim teanga. Is próiséas é an ‘sealbhú teanga’ a tharlaíonn i ngan fhios duit: sealbhaíonn tú teanga trí bheith ag éisteacht agus ag léamh.
Ar an láimh eile, foghlaimíonn tú teanga go comhfhiosach trí staidéar a dhéanamh ar an ngramadach. Aithnítear anois go dtógaimid linn timpeall 90/ 95% de theanga trína sealbhú agus 5/ 10% trína foghlaim. Ós rud é go n-aithnítear an difríocht idir sealbhú agus foghlaim teanga, cheapfá go gcaithfí an chuid is mó den am sa seomra ranga ar an sealbhú .
Ach ní amhlaidh atá. Ar an drochuair, dírítear ar an bhfoghlaim ar scoil i bhfoirm ceachtanna gramadaí a dhéanamh agus liostaí foclóra nó briathra a chur de ghlanmheabhair.
Is cuimhin liom go mbíodh scrúduithe rialta agam féin ar rangú na mbriathra Fraincise ar scoil. Obair in aisce ba ea é seo: caithfear na briathra a fheiceáil i gcomhthéacs lena n-ionsú i gceart, rud nach mbíonn i gceist le liostaí briathra. Bheifí i bhfad níos fearr as daltaí a chur ag léamh ábhair a bhfuil suim acu ann, agus féadfaidh siad foirmeacha na mbriathra a ionsú i ngan fhios dóibh agus iad á dhéanamh. Agus cé acu atá níos suimiúla: úrscéal bog taitneamhach a léamh nó liosta briathra a chur de ghlanmheabhair? Baineann leadrán le ranganna teanga i láthair na huaire mar gheall ar iad a bheith dírithe ar an bhfoghlaim, i.e. streachailt le briathra agus liostaí foclóra.
D’fhéadfadh an seomra ranga a bheith i bhfad níos taitneamhaí agus d’fhéadfadh na daltaí i bhfad níos mó den teanga a thabhairt leo dá ndíreofaí ar an sealbhú teanga trí ábhar éisteachta suimiúil a chur ar fáil agus daltaí a chur ag léamh leabhar a bhfuil dúil acu féin a léamh as teann suime.
Tá rud amháin cinnte – ba cheart níos lú béime a chur ar cheachtanna gramadaí agus ar fhoghlaim liostaí foclóra agus briathra. Ní hé sin le rá nár cheart an ghramadach a mhúineadh ar chor ar bith – tá sí úsáideach má tá a dóthain den teanga sealbhaithe agat le teacht i dtír uirthi, nó más duine tú a bhfuil claonadh chun na gramadaí ionat (na daoine sin a théann a luí le Graiméar na mBraithre Críostaí, faoi mar a deir Tadhg Mac Dhonnagáin). Ach tuigimid ar fad gur mionlach iad siúd a a bhaineann taitneamh as comhráite faoin gCaighdeán Oifigiúil.
De ghnáth tá múinteoirí ar lucht an Chaighdeáin Oifigiúil agus is breá leo an ghramadach a mhúineadh mar tá an chuma air gur rud substaintiúil é. Ceaptar go bhfuil sé go maith tuirse agus leadrán a chur ar dhaltaí - nach comhartha é sin go bhfuil rud éígin á fhoghlaim acu? Ní hea, a deirim. Comhartha é go bhfuil droch-mhodh múinteoireachta in úsáid agus go bhfuil na daltaí ag imeacht ar bhóthar an aineolais toisc go samhlóidh siad an t-eolas le hobair in aisce an tseomra ranga.

Rud amháin a d’fhéadfaí a dhéanamh ar scoil ná ábhar suimiúil léitheoireachta a chur ar fáil do dhaltaí agus rang amháin in aghaidh na seachtaine a thabhairt suas don léitheoireacht. Dá mhéad leabhar atá ar fáil do dhaltaí ar ábhair éagsúla is ea is mó an seans go rachaidh siad i mbun léitheoireachta. Dar liom gur tábhachtaí go mór é beart mór leabhar a bheith ar fáil ná aon cheist eile a bhaineann leis an gcuraclam, le cúrsaí scrúduithe, srl.
Dá mbeinn i mo mhúinteoir Gaeilge ar an meánscoil thabharfainn cead do dhaltaí rud ar bith a léamh sa Ghaeilge ar feadh rang amháin in aghaidh na seachtaine.
Chuirfinn ábhar léitheoireachta suimiúil agus so-thuigthe ar fáil. Tá go leor úrscéalta Gaeilge ann do dhéagóirí agus caithfidh cuid acu a bheith réasúnta suimiúil!
Tá greannáin ann sa Ghaeilge freisin, a bheadh oiriúnach do na ranganna sóisearacha. Ar ndóigh, tá cumais éagsúla ag daltaí éagsúla i dteanga ar bith, agus bheadh ábhair léitheoireachta ar leibhéil éagsúla ag teastáil, agus bheadh an dualgas orm cabhrú le gach dalta leabhar oiriúnach a aimsiú dá c(h)umas féin.
Friday, 27 February 2015
Oideachas Baile
Físeán é
seo (https://www.youtube.com/watch?v=trS6dwD7IP0) faoi mhuintir Uí Néill i gcontae Cheatharlaigh, Monica agus Eddie, nach
gcuireann a gcuid páistí ar scoil. Bhí an teaghlach seo sa nuacht le déanaí de
bharr achrainn a bhí acu le húdaráis na Roinne Oideachais i dtaobh an oideachais bhaile. Ghearr Cúirt Dúiche Cheatharlaigh dhá fhíneáil eagsula orthu le cúpla bliain anuas - ceithre mhíle euro ar an iomlán, toisc gur dhiúltaigh siad dul faoi mheasúnú oideachais an stáit. Gearradh tréimhsí príosúna orthu beirt freisin.
Déanann an Roinn Oideachais measúnú ar thuistí a théann
leis an teagasc baile le cinnitú go bhfuil siad in ann minimum éigin
oideachais a thabhairt dá gclann. Ar ndóigh tá sé tábhachtach go ndéanfaí
amhlaidh chun páistí a chosaint ón mí-úsáid agus ón aineolas. Ach deir Monica agus Eddie go bhfuil siad bréan de bheith ag déanamh measúnaithe don Roinn Oideachais ag an bpointe seo - tá seisear clainne orthu agus deir siad go bhfuil siad cráite ag an Roinn Oideachais i ndiaidh dóibh measúnú a dhéanamh i gcás gach páiste da gcuid.
Is cosúil go bhfuil an Bunreacht ag tacú lena gcás. De réir Airteagal 42 de Bhunreacht na hÉireann, admhaíonn an Stát gurb é 'an Teaghlach is múinteoir príomha dúchasach don leanbh, agus ráthaíonn gan cur isteach ar cheart doshannta ná ar dhualgas doshannta tuistí chun oideachas de réir a n-acmhainne a chur ar fáil dá gclainn i gcúrsaí creidimh, moráltachta, intleachta, coirp agus comhdhaonnachta.' Tá an lánúin seo ag áiteamh go bhfuil an Stát ag cur a ladar i gcúrsaí an teaghlaigh gan iarraidh.

Sílim féin gur fánach don Stát a bheith ag
déanamh an oiread seo feitheoireachta ar mhuintir Uí Néill. Is léir gur tuistí coinsiasacha iad beirt agus faoi mar is léir ón bhfíseán tá páistí éirimiúla sona tógtha
acu. Is léir go bhfuil dianmhachnamh déanta ag Monica agus Eddie ar cheist an
oideachais agus tá siad sásta stró breise a chur orthu féin ar mhaithe le
forbairt a bpáistí trína gcoinneáil sa bhaile. Ar ndóigh níl gach aon duine ar
aon tuairim maidir leis an gcaoi is fearr le hoideachas a chur ar pháistí ach tá
freagracht tógtha ag Monica agus Eddie as oideachas a bpáistí, rud atá le
moladh go hard dar liom.
Bheadh sé níos céillí don Stát imní níos mó a bheith orthu faoi thuistí nach bhfuil suim ar bith
acu in oideachas a bpáistí - tuistí a dhéanann faillí ina gcuraimí
clainne.
I gcás Monica agus Eddie Uí Néill is léir go bhfuil an-suim
ag an mbeirt acu i gcúrsaí oideachais, tá leabhair agus uirlisí ceoil acu sa
bhaile agus tá gach cuma ar an scéal gur tuistí grámhara foighneacha iad. Ní
dhéánann siad aon rud a bhrú ar na páistí, idir reiligiún nó ábhair eile, agus is léir go bhfuil na páistí ag déanamh go leor foghlama as a stuaim féin in ainneoin nach bhfuil oideachas foirmiuil a fhail acu. Anuas
air sin, tá cónaí orthu i dteach álainn faoin tuath ina bhfuil saoirse chun
spaisteoireachta agus súgartha acu. Tá an t-ádh ar an teaghlach seo go bhfuil
siad in ann a gcuid páistí a choinneáil sa bhaile agus dar liom go bhfuil siad
i bhfad níos fearr as sa bhaile ná ar scoil.
Tagaim le Monica agus Eddie go bhfuil oideachas sa bhaile níos fearr dá bpáistí ina gcás siúd. Faoi mar a deir na páistí san fhíseán, níl aon amhras ach go gcuirtear an-chuid ama amú ar scoil ar cheachtanna leadránacha, chúrsaí riaracháin, ranganna plódaithe, srl. agus go bhfuil easpa saoirse ag na páistí i dtaobh rogha na n-ábhar a bhfuil suim acu féin iontu. Tá an t-ádh ar pháistí Uí Néill nach gá dóibh é seo fhulaingt.
Ach ní acmhainn do mhórán daoine eile a leithéid de dheis a
chur ar fáil dá bpáistí. Samhlaigh máthair aonarach in árasán beag cathrach atá ag obair chuile lá, mar shampla. Tá sé an-tábhachtach go
bhfreastlódh formhór na bpáistí ar an scoil mar nach bhfuil an t-am nó an cumas
ag a dtuistí le haire a thabhairt da bpaisti sa bhaile le linn an lae.
Anuas air sin, tugann an scoil cosaint do pháistí ó
dhroch-íde nó aineolas na dtuistí. Tá an baol ann go ndéanfadh tuistí
reiligiúnta a gcuid páistí a shiolteagasc sa bhaile. Tá tuistí
ann a dhéanann iarracht reiligiún éigin a bhrú ar a bpáistí in áit oideachas
leathan a thabhairt dóibh. Sna Stait Aontaithe, is Criostaithe Soiscealacha (Evangelical Christians) iad 75% de na tuisti a theann leis an scolaiocht bhaile. Má cheadaítear do thuistí a bpáistí a choinneáil
amach ón scoil tá sé an-deacair oideachas claonta a chosc, más é
sin aidhm na dtuismitheoirí. Más rud é go bhfuil na cáilíochtaí cuí ag na
tuistí (céim ollscoile a bheith ag duine amháin acu) agus go n-éiríonn leo i
measúnú an stáit, tig leo a rogha rud a mhúineadh do na páistí.
Feictear domsa go bhfuil dhá phríomh-chatagóir
tuismitheoirí ann a théann leis an oideachas baile mar sin. Ar láimh amháin tá
tuistí ann nach bhfuil ach forbairt intleachtúil agus
saoirse mar aidhm acu dá gclann. Ach tá tuistí eile
ann a théann leis an oideachas baile chun aigne a bpáistí a smachtú agus chun
cinnte a dhéanamh nach ndéanann aon duine aigne a bpáistí a 'thruailliú' le
smaointe neamhreiligiúnta. Ní suim do na tuistí seo saoirse a thabhairt dá
bpáistí ach iad a choimeád ar iall. I dtíortha áirithe ar nós na Sualainne a
bhfuil córas scolaíochta neamhreiligiúnta acu tá éigeantas scoile ann chun a leithéid de rud a sheachaint. Creidtear sna tíortha seo go
bhfuil sé de cheart ag gach páiste oideachas a fháil atá saor ón síolteagasc
reiligiúnta.
In Éirinn, faraor, tá smacht ag an Eaglais Chaitliceach ar fhormhór na mbunscoileanna go fóill agus tá éiteas reiligiúnta iontu dá bhrí sin - tá curaclam reiligiúnta ann, agus múintear na saicrimintí iontu. Go minic níl an dara rogha ag tuistí neamhreiligiúnta ach a bpáistí a chur ar scoil atá faoi smacht na hEaglaise toisc nach bhfuil aon chineál eile scoile ar fáil. Roghnaíonn cuid acu a bpáistí a choinneáil sa bhaile chun a leithéaid de theagasc reiligiúnta a sheachaint.

Saturday, 4 October 2014
Smaointe ar Theagasc Teangacha
Eoin Ó Cróinín
Nuair a thosaigh mé sa chéad bhliain san ollscoil ní raibh mo chuid Fraincise thar moladh beirte, in ainneoin gur chaith mé sé bliana i mbun a staidéir ar scoil agus gur éirigh go maith liom inti san Ardteist. Léiríodh dom ar an ollscoil nach ionann cruthú go maith i scrúduithe agus teanga a bheith ar do thoil agat, áfach.
Nuair a thuig mé a laghad Fraincis a bhí agam in ainneoin an méid ama a bhí caite agam uirthi thosaigh mé ag déanamh machnaimh ar an modh foghlamtha a bhí úsáidte agam ar scoil. Cén fáth nach raibh toradh níos fearr ar na sé bliana a bhí caite agam ar theanga Moliere ar scoil?
Tuigim anois gur chuir mé an-chuid ama amú ar scoil ag plé leis an bhFraincis toisc modh foghlamtha mí-éifeachtach a bheith in úsáid agam. Bhreathnaigh mé ar an teanga mar ábhar acadúil eile a raibh scrúduithe agus staidéar ag baint leis. Shamhlaigh mé an teanga le ceachtanna leadránacha gramadaí agus liostaí foclóra a chur de ghleanmheabhair. Ina áit sin, bhí se de cheart agam mé féin a thumadh i gcultúr agus litríocht na teanga, iarracht a dhéanamh casadh ar Fhrancaigh agus labhairt leo. Thosaigh mé air sin a dhéanamh ar an ollscoil agus rinne mé níos mó dul chun cinn laistigh de bhliain amháin na mar a bhí déanta agam sna sé bliana roimhe sin.
Ní mise an t-aon duine nach bhfuair luach a shaothair ar theanga ar scoil - sílim go dtarlaíonn sé go minic. Cén chaoi a bhféadfaí a scéala réiteach, mar sin?
Caithfimid an Ghaeilge a mheas mar theanga eachtrannach do dhaltaí i scoileanna Béarla, murab ionann le scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Tá an teanga ag muintir na Gaeltachta ón gcliabhán agus tá lucht na Gaelscolaíochta tumtha inti chuile lá, ach do thromlach mhuintir na tíre caithfidh siad iarracht a dhéanamh an teanga a thabhairt leo i rang Gaeilge nach mbíonn acu ach cúpla uair sa tseachtain. Is í seo croílár na faidhbe - ní áit mhaith é an seomra ranga le teanga a thabhairt leat. Dar liom féin gur trua mór é go samhlaítear an teanga le ceachtanna gramadaí sa seomra ranga agus nach bhfuil níos mó deiseanna ann do dhaoine leas a bhaint as an teanga lasmuigh den scoil. Tá sé an-tábhachtach go spreagtar daltaí dul i ngleic le stór cultúrtha agus daonna teangacha in áit iad a choinneáil sa seomra ranga. Is léir go bhfuil meon níos dearfaí ag daltaí a chaitheann seal sa Ghaeltacht ná mar atá ag daltaí a shamhlaíonn an teanga leis an téacsleabhar sa seomra ranga amháin, mar shampla.
Ar ndóigh, tá ranganna teanga tabhachtach chun treoir agus comhairle a chur ar dhaltaí. Ach ní leor cúpla rang Gaeilge in aghaidh na seachtaine chun chun go mbeadh sí ar do thoil agat. An té a chaitheann go leor ama ag plé leis an teanga as a stuaim féin éireoidh leis. Cén chaoi a bhféadfaimis daltaí a spreagadh lena leithéid a dheánamh? I dtosach báire trína chinntiú go bhfuil go leor ábhar ar fáil i nGaeilge sna scoileanna agus go dtugtar deis do dhaltaí úsáid a bhaint as. Ba cheart réimse leathan léitheoireachta a bheith ann - irisí, leabhair, taifid fuaime de chainteoirí dúchais, srl. Sílim gur cheart rang amháin in aghaidh na seachtaine a thabhairt suas don léitheoireacht agus don éisteacht.
Dar liom go n-éiríonn go maith le daltaí Gaelscolaíochta an Ghaeilge a shealbhú toisc go mbíonn siad ag plé léi chuile lá ar bhealach nádúrtha taitneamhach - ionsúnn siad isteach í i ngan fhios dóibh. Dá ndéanfadh múinteoirí i scoileanna Béarla an cineál seo timpeallachta a athchruthú bheadh leo.

Friday, 26 September 2014
Cén focal ba cheart a úsáid le 'vegetarian' a aistriú go Gaeilge?
Tá an focal 'feoilséantóir' tugtha ag Ó Dónaill agus De
Bhaldraithe ina gcuid foclóirí mar aistriúchán ar 'vegetarian'. Tá áthas orm go
bhfuil focal eile in úsáid ag focal.ie - 'veigeatóir', ar chupla cúis.
I dosach báire, is aistriúchán
míchruinn é feoilséanadh ar an gcoincheap Béarla, ‘vegetarianism’. Ní hamháin go
staonann veigeatóirí ón bhfeoil, ach fanann siad amach ón iasc freisin. Ní
thugann ‘feoilséanadh' é seo le fios - díríonn sé ar an bhfeoil amháin. Tá focal ar leith sa Bhéarla le cur síos a
dhéanamh ar dhuine a staonann ón bhfeoil ach a itheann iasc - 'pescetarian'.
Ach cén fáth gur coincheap é an feoilséanadh sa
Ghaeilge ach nach bhfuil an t-iascséanadh ann, mar sin? An raibh sé de nós ag
ár sinsear éirí as an bhfeoil ach leanúint orthu ag ithe iasc? D’fhéadfadh sé gur mar sin a tharla ar chúpla cúis - an
tír eolas agus an reiligiún. Toisc gur i gceantair chósta nó oileáin is mó a
mhair pobail na Gaeltachta anuas go dtí ár n-aois féin, is dócha go
bhféadfaidís dul gan feoil gan fadhb toisc go raibh go leor iasc acu ach ní
fhéadfaidís staonadh ón iasc mar nach mbeadh mórán eile le n-ithe acu ina áit!
Maidir leis an reiligiún, tá sé de nós ag Caitlicigh staonadh ón bhfeoil ar Aoine an Chéasta agus b'fhéidir gurb as sin a shíolraigh an focal seo sa Ghaeilge. Amhail an focal 'féintruailliú', a bhfuil breithiúntas mórálta Caitliceach ag dul leis, táim ag ceapadh go raibh tionchar ag an reiligiún ar chumadh an fhocail 'feoilséanadh'. Níl anseo ach barúil ar ndóigh – níl aon fhoinse agam.

Tá 'feoilséanadh' ró-chúng ar bhealaí eile freisin. Tá daoine eile nach n-itheann feoil riamh, ar ndóigh, agus ní bheadh sé oiriúnach feoilséantóirí a ghlaoch orthu toisc nach é go díreach go bhfuil siad ag diúltú don fheoil - ní ann don fheoil ar chor ar bith mar fhoinse bia acu. Is minic go mbíonn cúiseanna reiligiúnta acu. Tá Indiaigh agus Búdaithe ann nach n-itheann feoil leis na mílte bliain anuas, mar shampla, toisc gur idéal sa Hindúchas agus sa Bhudaíochas foréigean a scheachaint i leith gach créatúr beo. Bheadh sé míchruinn 'feoilséantóirí' a ghlaoch ar na daoine seo, dar liom - ní dhéanann an chuid is mó acu aon chinneadh pearsanta chun staonaodh ón bhfeoil, ach sin mar atá sé sa chultúr acu leis na cianta. Caithfidh gur thóg cuid dá sinsir cinneadh le cúl a thabhairt don fheoil ach ní bhaineann sin leis an dream atá suas sa lá atá inniu ann. Is nós seanbhunaithe acu é agus ní dócha gur gá dóibh mórán machnaimh a dhéanamh air toisc go bhfuil béilte blasta folláine acu nach mbaineann úsáid as feoil agus leanann na páistí sampla na ndaoine eile ina dtimpeall.
Más rud é go dtógtar páiste ar aiste bia veigeatórach, ní gá don pháiste sin diúltú don fheoil, go háirithe má fhásann sé suas i gcultúr veigeatórach - rud atá ag éirí níos coitianta i dtíortha forbartha. Bheadh sé amaideach 'feoilséantóir' a ghlaoch ar pháiste a mhaireann ar bhia veigeatóireach ón gcliabhán - ar nós aindiagaí a ghlaoch ar pháiste nár chuala trácht ar Dhia riamh.
Tá daoine eile ann nach mbacann le feoil a ithe toisc go bhfuil raon bia plandúil chomh flúirseach sin ar fáil acu go nádúrtha ina dtimpeallacht féin nach bhfuil feoil ag teastáil lena gcothú - an treibh a bhfuil cónaí orthu i ngleann Vilcabamba san Eacuadór, cuir i gcás. Ní itheann siad níos mó ná unsa feola in aghaidh na seachtaine, nuair a itheann siad in aon chor í. Arís ní hé go ndiúltaíonn an treibh seo don fheoil, ach ní bhacann siad léi.

Tá brí chúng ag 'feoilséantóir', mar sin. Ní shamhlaím é ach le Caitlicigh a théann gan feoil ar Aoine an Chéasta nó le linn an Charghais. Ach b'fhéidir go bhféadfaimis é a úsáid le cur síos a dhéanamh ar dhuine atá díreach tar éis iompú ina veigeatóir. Is dócha go mbeadh ar an té seo diúltú don fheoil ar feadh tamaill go dtí go nglacann cairde, teaghlach, srl. nach bhfuil aon anonn ná anall faoi! Is minic go leanann cairde nó baill teaghlaigh ag tairiscint feola don veigeatóir go neamhairdiúil agus is gá dó na tairiscintí seo a dhiúltú.
Tharla sé seo domsa. Lean mo thuistí orthu ag impi orm feoil a ithe, mar shampla, toisc go raibh siad cinnte de go raibh an bás i ndán dom mura n'íosfainn greim feola gach lá. Sílim go raibh mo mháthair ag iarraidh go ndéanfainn dearmad ar mo chinneadh - lean sí uirthi ag ullmhú feola dom ar feadh tamaill. Rinne sí iarracht fiú greim feola a chur i bhfolach i bprátaí ar mo phláta. Ach tá áthas orm a rá gur sheas mé an fód i gcoinne a cuid ionsaithe feola agus nach bhfuilim tar éis bás a fháil den ocras. Daoine eile thairg siad feoil dom i ngan fhios dóibh go raibh mé tar éis é a thabhairt suas. Sílim go raibh áthas an domhain ar chara amháin nuair a thuig sé gur veigeatóir a bhí ionam agus mé ina theachsa don dinnéar mar bhí sé in ann na hispíní a ghoid ó mo phláta.

Dúirt cara eile liom go mbeadh sé níos fusa dó a rá lena athair go raibh sé aerach (cé nach bhfuil sé) na a ra leis go bhfuil sé éirithe as an bhfeoil. Fear mór bearbaiciú is ea an t-athair, fiú nuair a bhíonn an aimsir fliuch le linn an gheimhridh. Níl aon ócáid teaghlaigh ann nach mbaintear leas as an mbearbaiciú. Ar bhealach tuigim cás an athar. Is ócáid é an bearbaiciú gur deacair a shárú. Tugann sé an deis don athair rud éigin fiúntach a dhéanamh ar son cairde agus clainne. Fir nach bhfuil mórán maithis iontu sa chistin ceadaítear dóibh dul i mbun an bhearbaiciú ar aon chuma. Anuas air sin, is ócáid shóisialta tábhachtach é atá fréamhaithe i gcultúr na hÉireann faoin am seo. Is bealach é le feoil a chóicearáil go tapa blasmhar agus ní gá ach sailéad agus arán a ullmhú leis. Is breá leis an saol mór freastal air. Tuigim cén fáth go mbeadh daoine buartha dá gcuirfí deireadh leis an gcleachtas seo ar son na n-ainmhithe.
B'fhéidir go mbeadh sé cruinn, mar sin, feoilséantóirí a thabhairt orm agus mo chomh-veigeatóirí toisc go bhfuil gníomh diúltach agus i gcásanna áirithe, frithshóisialta, á ghlacadh againn nuair a cheilimid feoil orainn féin. Ach i ndiaidh do dhuine laethanta tosaigh an veigeatóireachais a chur de/ di, nuair nach gá feoil a dhiultú a thuilleadh, ní fhéadfaí a rá gur feoilséantóir é an duine a thuilleadh. É sin ráite, b'fhéidir go mbeadh an téarma seo réasúnta úsáideach le cur síos a dhéanamh ar veigeatóir in Éirinn nó i dtír iartharach eile, áiteanna ina bhfuil feoil á hithe ag formhór an phobail. Tá cinneadh comhfhiosach á thógáil ag an bhfeoiliteoir a iompaíonn ar aiste bia veigeatóireach i sochaí na hÉireann, murab ionann leis an té atá ina veigeatóir ón gcliabhán. Ach tá súil agam nach mbreathnófar ar an veigeatóireachas mar chinneadh diúltach ar feadh i bhfad eile, De réir mar a théann líon na veigeatóirí i méid tá athrú ag teacht ar an scéal seo – táthar ag glacadh leis an veigeatóireachas mar rogha ciallmhar eiticiúil, rogha a théann chun leasa sláinte an duine féin, sláinte na n-ainmhithe agus sláinte na timpeallachta. Rogha nach bhfuil diúltach ná baol air.

Subscribe to:
Posts (Atom)