Friday, 19 August 2016

Scannal Mhá Nuad

  Deir an t-ardeaspag Martin go bhfuil ‘gníomhaíochtaí aisteacha’ ar bun i gcliarscoil Mhá Nuad agus gur de bharr seo a bheartaigh sé ar thriúr sagart oiliúna faoina chúram a chur chuig an Róimh. Tá sé ráite go bhfuil ‘fochultúr aerach’ ann i Má Nuad agus go bhfuil sagairt áirithe ag baint úsáide as an aip d’fhir aeracha, Grindr.
   Dealraíonn sé go bhfuil níos mó ag baint leis an scéal ná raic faoin homaighnéasacht, áfach. Tá atmaisféar achrannach le brath sa chliarscoil le fada an lá: tá an scéal faoin bhfochultúr aerach tar éis fadhbanna seanbhunaithe an choláiste oiliúna a thabhairt chun solais. B’ábhar conspóide é coláiste Mhá Nuad i measc tráchtairí Caitliceacha leis na blianta fada, a deir David Quinn a bhí mar eagarthóir ar ‘The Irish Catholic’ ar feadh tréimhse fada agus a fuair fianaise ó iar-shagairt oiliúna a dúirt leis go raibh Má Nuad imithe chun donais. Tá Mark Dooley ag déanamh cur síos ar fhadhbanna Mhá Nuad le cúpla bliain anuas freisin.
   I measc na ngearán a chuirtear i leith fhoireann teagaisc an choláiste ná go bhfuil siad ró-liobarálach agus go bhfuil siad ró-dhian ar shagairt oiliúna a bhfuil tuairimí coimeádacha acu. Díbríodh sagairt oiliúna a bhí ‘ró-cheartchreidmheach’ (orthodox), nó ró-thraidisiúnta, as an gcoláiste ar fad, toisc go raibh a nósanna ‘seanchaite’ ag cur as don fhoireann, de réir dealraimh.
   Is cosúil go bhfuil údaráis Mhá Nuad ag iarraidh tuiscint níos liobarálaí den Chaitliceachas a chur chun cinn, mar sin - tuiscint atá ag teacht le ré na haoise seo, in áit a bheith sáinnithe siar ‘i nósanna seanchaite na 1950idí’, faoi mar a dúirt duine amháin a thacaíonn leis an treocht liobarálach seo. De réir tráchtairí áirithe, b’fhearr don Eaglais liobarálú a dhéanamh ar a cuid teagasc chun dul in oiriúint don saol nua-aimseartha agus is sa bhealach sin a éireoidh léi daoine a mhealladh ar ais in Éirinn.
   Anuas air sin, dealraíonn sé go bhfuil údaráis Mhá Nuad ag cur drochnósanna na sagart oiliúna faoi cheilt. Is cosúil go bhfuil siad ag iarraidh clú na hEaglaise a chosaint nó go bhfuil siad féin páirteach sna ‘gníomhaíochta aisteacha’: is cosúil go scaoiltear le go leor drabhláis agus collaíochta ar an gcoláiste, rud a théann i gcoinne éiteas agus teagaisc na hEaglaise ar ndóigh agus a léiríonn fimínteacht cuid den chléir arís i gcúrsaí moráltachta.
   Ach tá sciar maith Caitliceach ag iarraidh go bhfanfadh Má Nuad dílis do rialacha ceartchreidmheacha na Róimhe. Dar leo nach bhfuil sé de cheart nó d’údárás ag foireann oiliúna Mhá Nuad a rialacha féin a chumadh agus beag beann a dhéanamh de thraidisiúin sheanbhunaithe na hEaglaise.
  Cé nach Caitliceach creidmheach mé a thuilleadh – is cineál Caitliceach cultúrtha mé – aontaím le heite dheis na hEaglaise sa chás seo. Ar mhaithe le hinmharthanacht agus todhchaí na hEaglaise féin, b’fhearr clár ceartchreidmheach a chur i bhfeidhm i Má Nuad agus deireadh a chur leis an treocht liobarálach ina bhfuil an coláiste oiliúna ag taisteal faoi láthair. B’fhéidir go bhfuil blas frithiomasach (counterintuitive) ar an tuairim seo daoibh, ach fan liom go míneoidh mé.
  Anois, cén fáth ar cheart an Eaglais a shábháil? Tá muinín caillte ag pobail an Iarthair i bhfiúntas agus i luach a gcultúir féin. Ach ar ar an iomlán, bhí dea-thionchar ag an Eaglais agus ag tíortha Eorpacha ar an tsochaí ó bhí ann di agus gur siombail thábhachtach í de leanúnachas agus d’oidhreacht na sibhialtacha Iartharaí: is í an institiúid is sine í ar domhan agus bhí ról lárnach aici i dteacht chun cinn na sibhialtachta Eorpaí. B’fhéidir gur chuir an chléir a ladar i gcúrsaí an stáit go ró-mhinic in Éirinn tráth dá raibh, ach tá an ré sin thart anois, agus caithfidh sí cur chuige éagsúil a ghlacadh anois chun daoine a mhealladh ar aon nós. Ar ndóigh, bhí scannal mhí-úsáid na leanaí déisteanach. Ach céatadán fíor-bheag sagart a bhí ag teacht salach ar theagaisc na hEaglaise a bhí i gceist. Bhí deacrachtaí institiúideacha a bhain leis an tslí inar cheil an Eaglais coireanna na mí-úsáideoirí chun a clú féin a chosaint, ach tá iarracht mhór déanta aici an scéal a chur ina cheart agus na daoine ar baineadh mí-úsáid astu a chúitiú. 
   Tá rátaí breithe an Iarthair imithe i léig, rud a léiríonn go bhfuil muinín caillte againn as an todhchaí. Tig leis an Eaglais daoine a spreagadh chun é seo a cheart ina cheart toisc gurb é an polasaí a mholann an Eaglais ná: ‘téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh’. Anuas air sin, de réir go leor taighde, tá rátaí sonais agus gníomhaíochta pobail níos airde ag an gcreidmheach thar an díchreadmheach: tá an creidmheach níos flaithiúla i dtaobh tabhartas carthanúil, tá rátaí meabhairghalair agus colscartha níos ísle aige. Ar na cúiseanna seo ar fad, sílim go bhfuilimid i bhfad níos fearr as má éiríonn leis an eaglais Chaitliceach teacht slán as an bponc ina bhfuil sí faoi láthair in Éirinn.
  Rud nach bpléitear go minic ná go bhfuil athbheochan Críostaí ar bun ar fud an Iarthair faoi láthair, Meiriceá agus Eoraip san áireamh. Le cúpla scór bliain anuas tá Eaglaisí bunchreidmheacha Protastúnacha agus an ghluaiseacht charasmatach Chaitliceach ag fás ag ráta an-tapa ar chúpla cúis. Cúis amháin ná go bhfuil ráta breithe níos airde ná an gnáthphobal ag creidmhigh (dá cheartchreidmhí atá tú is ea is mó páistí a bheidh agat). Anuas air sin, tá baill dhíograiseacha, fhuinniúla ag Eaglaisí bunchreidmheacha nach bhfuil náire orthu dul amach chun an soiscéal a scaipeadh agus earcú a dhéanamh i measc an phobail. Is Protastúnaigh bhunchreidmheacha a bhíonn ina seasamh lasmuigh d’Ardoifig an Phoist gach lá le bileoga eolais acu, mar shampla, ní sagairt Chaitliceacha.
   I gcodarsnacht le rath na mbunchreidmheach, tá meath ag teacht ar Eaglaisí seanbhunaithe Protastúnacha. Ceann de na cúiseanna leis seo ná nach bhfuil muinín mhorálta ag na hEaglaisí seo as a bhfuil á chur chun cinn acu a thuilleadh. San Ollainn, mar shampla, tá ministirí aindiacha ann a admhaíonn nach gcreideann siad i nDia,! Níl fuinneamh nó flosc faoi na sean-Eaglaisí seo a thuilleadh, agus níl ag éirí leo daoine a mhealladh chucu dá bharr.
    Más mian leis an Eaglais Chaitliceach teacht slán agus bheith in iomaíocht leis na heaglaisí bunchreidmheacha, caithfidh sí rud éigin sainiúil a chur ar fáil don phobal agus bóthar patuar na sean-Eaglaisí Protastúnacha a sheachaint. Ní mór do Chaitlicigh a thaispeáint go bhfuil prionsabail acu, go gcreideann siad go láidir iontu, go bhfuil muinín acu astu agus gur fiú iad a leanúint.
   Tá coláistí oiliúna Caitliceacha i Meiriceá oscailte le tamall anuas a bhfuil leasuithe ceartchreidmheacha curtha i bhfeidhm iontu ina leantar rialacha agus éiteas traidisiúnta na hEaglaise, agus ina gcaitear feisteas traidisiúnta na hEaglaise (deir duine amháin go mbeadh sé níos deacra do shagairt i Má Nuad Grindr a úsáid dá mbeadh orthu culaith dhubh an tsagairt a chaitheamh!). Agus tá éirithe go hiontach leis na coláistí sin – tá líon na sagart oiliúna méadaithe go suntasach le cúpla bliain anuas. Ar an láimh eile, tá líon na sagart oiliúna i Má Nuad an-íseal agus níl aon chuma air go n-athróidh an scéal sin go luath. Thosaigh 13 fear ag déanamh staidéir i coláiste oiliúna Mhá Nuad In 2015. Dá mbeadh an ráta céanna iontrála againn in Éirinn is atá I Meiriceá (ag glacadh san áireamh difríochtaí sa daonra) bheadh 43 sagart iontrála againn anseo.
   Tá an baol ann go ndéanfar an Eaglais a lagú agus go gcuirfear lagmhisneach agus mearbhall ar Chaitlicigh dhílse mura gcloítear le prionsabail sheanbhunaithe na hEaglaise. Agus nach é feidhm na hEaglaise prionsabail shíoraí Dé a chaomhnú, prionsabail nach n-athraíonn de réir aois na linne? Má chuirtear a thuilleadh leasuithe liobrálacha i bhfeidhm, má ghéilltear don bhrú ó na meáin liobrálacha ‘teacht suas chun dáta’, ní bheidh ann don Eaglais Chaitliceach a thuilleadh ach leagan eile den Phrotastúnachas liobrálach (cé go mbeidh deasghnátha, séipéil agus feisteas níos deise fós ag Caitlicigh). Agus níl i ministirí Protastúnacha sa Bhreatain ach cineál intleachtóirí den eite chlé a mbeadh fáilte ar a dtuairimí i leathanaigh an Irish Times nó an Guardian, nuachtáin bien-pensant ár linne.
   Níor cheart don eaglais faitíos a bheith uirthi filleadh ar an dúchas, mar sin, agus gan ghéilleadh do thráchtarí liobrálacha na linne nach bhfuil ag iarraidh ach an Eaglais a fheiceáil I gcré ar aon chaoi. Ní mór don Eaglais a thuiscint gur ar bhealach a haimhleasa a rachaidh sí má ghlacann sí le ‘comhairle’ na dtrachtairí seo.

Thursday, 19 March 2015

Ar thóir ceapaire


Táim díreach iompaithe i mo veigeatóir agus táim ag déanamh go leor machnaimh faoi. Go dtí le déanaí ní dhearna mé mórán machnaimh faoi, ní mór dom a admháil. Cheap mé go raibh an méid sin fadhbanna ag an gcine daonna cheana féin gur cheart dúinn iad sin a chur ina gceart sula dtabharfaimis aghaidh ar fhulaingt na n-ainmhithe. Anuas air sin, níor réitigh mé go maith le daoine a d'inis dom go raibh cúl tugtha acu don fheoil. Chuir siad as mo riocht mé, is dócha - mhothaigh mé míchompórdach in éineacht leo a fhad is a bhí mé féin fós bainteach le slad na n-ainmhithe. Aisteach go leor, i ndiaidh dom iompu i mo veigeatóir réitím i bhfad níos fearr leis na daoine seo ar chúis éigin.

Ach ar aon chuma déarfaidh mé cúpla focal libh i dtaobh mo thaithí mar veigeatóir go dtí seo. I dtosach báire, ní mór dom a admháil go bhfuil teipthe orm an rún a choinneáil i gcónaí. Uair amháin bhí ocras an domhain orm agus deifir orm mo lón a aimsiú agus mé ar mo bhealach go rang ar an ollscoil. Thug mé cuairt ar roinnt mhaith siopaí ar thóir ceapaire nach raibh feoil ann. Níor fhág mé cloch nó ceapaire gan chasadh sna siopaí ach ní raibh ceapaire veggie ar fáil. Ar deireadh thiar bheartaigh mé ar cheapaire sicín a cheannach. Murab ionann le formhór na ndaoine a itheann ceapairí sicín, rinne mé machnamh ar an sicín a fhad is a bhí mé á ithe. Cén cineál saoil a bhí aige - an i bhfeirm monarchan a bhí sé, brúite isteach leis na mílte sicín eile, iad ina mullach ar a chéile agus gan a ndóthain spáis lena gcuid sciathán a ghreadadh? Ar tugadh hormóin fáis dó chun é a bhrostú chun aibíocht feolach? Ar tugadh antaibheathaigh dó? Agus mé do mo cheistiú mar seo bhain mé pléisiúr as an gceapaire. An droch-dhuine mé?

Admhaím gur gníomh mímhorálta a bhí ann ach d'ith mé an ceapaire ar aon nós. Ach ba ghníomh mí-mhorálach é ar bhealach indíreach agus teibí, toisc nach raibh baint ar bith agamsa le marú an tsicín. Ach toisc go bhfuil a fhios agam go gcaitear go dona leis na hainmhithe a ithim agus go ngoilleann sé orm, an gciallaíonn sé sin go bhfuil caighdeán mórálta níos airde agam ná an té a itheann feoil gan machnamh ar bith a thabhairt don ainmhí marbh? Ar bhealach, b'fhéidir go léiríonn sé go bhfuil fiosracht mhorálta á léiriú agam thar mar is gnách don ghnáthdhuine, ach is dócha go dtuigeann gach duine, nach mór, anois cé mar a chaitear leis na hainmhithe a réitítear dúinn. Ar bhealach táím níos mothálaí ná an gnáthdhuine, mar sin, i gceist seo na feola (mar ní veigeatóirí iad tromlach an phobail in Éirinn), ach go dtí go mbeidh mé iompaithe i mo veigeatóir 'fad-téarmach', mar a déarfá, ní dóigh liom go bhfuil cúis bhróid nó ábhar maíte agam!


Teangeolaíocht

Ar scoil déantar staidéar ar theangacha don chuid is mó toisc gur gá  ceann nó dhó díobh a dhéanamh don teastas sóisearach agus don ardteist. Ní hé go bhfuil flosc foghlama ar na daltaí ach go bhfuil éigeantas á mbrú le teanga a dhéanamh.

Ach na daoine is fearr a n-éiríonn leo teanga áirithe a thabhairt leo tá an-dúil sa teanga ar chúis phearsanta éigin, rud nach bhfuil fíor do dhaltaí ar scoil i mo thuairimse.

Tá mórán cúiseanna ann a spreagann daoine i mbun teanga: post a aimsiú thar lear, suim i gcultúr nó litríocht, cúrsaí grá, bá le muintir na teanga, srl. Ach ar an drochuair, is minic nach ndéanann daltaí scoile staidéár ar theanga ach le pas a fháil i scrúdú.

Is minic go mbíonn siad ró-óg le cúis mhaith a bheith acu le dul i mbun teanga, agus is minic, mar sin, nach dtugann siad aire ar bith sa rang Fraincise nó Gearmáinise agus go dtosaíonn siad ag samhlú na teanga le ceachtanna leadránacha gramadaí.

Ar ndóigh, bíonn corrdhalta ann a chuireann suim i dteanga ach ní minic a mhúsclaítear a s(h)uim ar scoil féin – go minic bíonn tuistí nó leabhar nó turas ina bhfoinsí spreagtha. Ach in ainneoin nach timpeallacht spreagúil í an scoil i gcúrsaí teanga, is dócha nach gcuirfear deireadh le múineadh na dteangacha ar scoil agus caithfear slite a aimsiú chun daltaí a spreagadh sa seomra ranga más amhlaidh atá.

Sa teangeolaíocht déantar idirdhealú anois idir sealbhú teanga agus foghlaim teanga. Is próiséas é an ‘sealbhú teanga’ a tharlaíonn i ngan fhios duit: sealbhaíonn tú teanga trí bheith ag éisteacht agus ag léamh.

Ar an láimh eile, foghlaimíonn tú teanga go comhfhiosach trí staidéar a dhéanamh ar an ngramadach. Aithnítear anois go dtógaimid linn timpeall 90/ 95% de theanga trína sealbhú agus 5/ 10% trína foghlaim. Ós rud é go n-aithnítear an difríocht idir sealbhú agus foghlaim teanga, cheapfá go gcaithfí an chuid is mó den am sa seomra ranga ar an sealbhú .

Ach ní amhlaidh atá. Ar an drochuair, dírítear ar an bhfoghlaim ar scoil i bhfoirm ceachtanna gramadaí a dhéanamh agus liostaí foclóra nó briathra a chur de ghlanmheabhair.

Is cuimhin liom go mbíodh scrúduithe rialta agam féin ar rangú na mbriathra Fraincise ar scoil. Obair in aisce ba ea é seo: caithfear na briathra a fheiceáil i gcomhthéacs lena n-ionsú i gceart, rud nach mbíonn i gceist le liostaí briathra. Bheifí i bhfad níos fearr as daltaí a chur ag léamh ábhair a bhfuil suim acu ann, agus féadfaidh siad foirmeacha na mbriathra a ionsú i ngan fhios dóibh agus iad á dhéanamh. Agus cé acu atá níos suimiúla: úrscéal bog taitneamhach a léamh nó liosta briathra a chur de ghlanmheabhair? Baineann leadrán le ranganna teanga i láthair na huaire mar gheall ar iad a bheith dírithe ar an bhfoghlaim, i.e. streachailt le briathra agus liostaí foclóra.

D’fhéadfadh an seomra ranga a bheith i bhfad níos taitneamhaí agus d’fhéadfadh na daltaí i bhfad níos mó den teanga a thabhairt leo dá ndíreofaí ar an sealbhú teanga trí ábhar éisteachta suimiúil a chur ar fáil agus daltaí a chur ag léamh leabhar a bhfuil dúil acu féin a léamh as teann suime.

Tá rud amháin cinnte – ba cheart níos lú béime a chur ar cheachtanna gramadaí agus ar fhoghlaim liostaí foclóra agus briathra. Ní hé sin le rá nár cheart an ghramadach a mhúineadh ar chor ar bith – tá sí úsáideach má tá a dóthain den teanga sealbhaithe agat le teacht i dtír uirthi, nó más duine tú a bhfuil claonadh chun na gramadaí ionat (na daoine sin a théann a luí le Graiméar na mBraithre Críostaí, faoi mar a deir Tadhg Mac Dhonnagáin). Ach tuigimid ar fad gur mionlach iad siúd a a bhaineann taitneamh as comhráite faoin gCaighdeán Oifigiúil.

De ghnáth tá múinteoirí ar lucht an Chaighdeáin Oifigiúil agus is breá leo an ghramadach a mhúineadh mar tá an chuma air gur rud substaintiúil é. Ceaptar go bhfuil sé go maith tuirse agus leadrán a chur ar dhaltaí - nach comhartha é sin go bhfuil rud éígin á fhoghlaim acu? Ní hea, a deirim. Comhartha é go bhfuil droch-mhodh múinteoireachta in úsáid agus go bhfuil na daltaí ag imeacht ar bhóthar an aineolais toisc go samhlóidh siad an t-eolas le hobair in aisce an tseomra ranga.


Rud amháin a d’fhéadfaí a dhéanamh ar scoil ná ábhar suimiúil léitheoireachta a chur ar fáil do dhaltaí agus rang amháin in aghaidh na seachtaine a thabhairt suas don léitheoireacht. Dá mhéad leabhar atá ar fáil do dhaltaí ar ábhair éagsúla is ea is mó an seans go rachaidh siad i mbun léitheoireachta. Dar liom gur tábhachtaí go mór é beart mór leabhar a bheith ar fáil ná aon cheist eile a bhaineann leis an gcuraclam, le cúrsaí scrúduithe, srl.

Dá mbeinn i mo mhúinteoir Gaeilge ar an meánscoil thabharfainn cead do dhaltaí rud ar bith a léamh sa Ghaeilge ar feadh rang amháin in aghaidh na seachtaine.

Chuirfinn ábhar léitheoireachta suimiúil agus so-thuigthe ar fáil. Tá go leor úrscéalta Gaeilge ann do dhéagóirí agus caithfidh cuid acu a bheith réasúnta suimiúil!

Tá greannáin ann sa Ghaeilge freisin, a bheadh oiriúnach do na ranganna sóisearacha. Ar ndóigh, tá cumais éagsúla ag daltaí éagsúla i dteanga ar bith, agus bheadh ábhair léitheoireachta ar leibhéil éagsúla ag teastáil, agus bheadh an dualgas orm cabhrú le gach dalta leabhar oiriúnach a aimsiú dá c(h)umas féin.

Friday, 27 February 2015

Oideachas Baile

Físeán é seo (https://www.youtube.com/watch?v=trS6dwD7IP0) faoi mhuintir Uí Néill i gcontae Cheatharlaigh, Monica agus Eddie, nach gcuireann a gcuid páistí ar scoil. Bhí an teaghlach seo sa nuacht le déanaí de bharr achrainn a bhí acu le húdaráis na Roinne Oideachais i dtaobh an oideachais bhaile. Ghearr Cúirt Dúiche Cheatharlaigh dhá fhíneáil eagsula orthu le cúpla bliain anuas - ceithre mhíle euro ar an iomlán, toisc gur dhiúltaigh siad dul faoi mheasúnú oideachais an stáit. Gearradh tréimhsí príosúna orthu beirt freisin.


Déanann an Roinn Oideachais measúnú ar thuistí a théann leis an teagasc baile le cinnitú go bhfuil siad in ann minimum éigin oideachais a thabhairt dá gclann. Ar ndóigh tá sé tábhachtach go ndéanfaí amhlaidh chun páistí a chosaint ón mí-úsáid agus ón aineolas. Ach deir Monica agus Eddie go bhfuil siad bréan de bheith ag déanamh measúnaithe don Roinn Oideachais ag an bpointe seo - tá seisear clainne orthu agus deir siad go bhfuil siad cráite ag an Roinn Oideachais i ndiaidh dóibh measúnú a dhéanamh i gcás gach páiste da gcuid.

Is cosúil go bhfuil an Bunreacht ag tacú lena gcás. De réir Airteagal 42 de Bhunreacht na hÉireann, admhaíonn an Stát gurb é 'an Teaghlach is múinteoir príomha dúchasach don leanbh, agus ráthaíonn gan cur isteach ar cheart doshannta ná ar dhualgas doshannta tuistí chun oideachas de réir a n-acmhainne a chur ar fáil dá gclainn i gcúrsaí creidimh, moráltachta, intleachta, coirp agus comhdhaonnachta.' Tá an lánúin seo ag áiteamh go bhfuil an Stát ag cur a ladar i gcúrsaí an teaghlaigh gan iarraidh.


Sílim féin gur fánach don Stát a bheith ag déanamh an oiread seo feitheoireachta ar mhuintir Uí Néill. Is léir gur tuistí coinsiasacha iad beirt agus faoi mar is léir ón bhfíseán tá páistí éirimiúla sona tógtha acu. Is léir go bhfuil dianmhachnamh déanta ag Monica agus Eddie ar cheist an oideachais agus tá siad sásta stró breise a chur orthu féin ar mhaithe le forbairt a bpáistí trína gcoinneáil sa bhaile. Ar ndóigh níl gach aon duine ar aon tuairim maidir leis an gcaoi is fearr le hoideachas a chur ar pháistí ach tá freagracht tógtha ag Monica agus Eddie as oideachas a bpáistí, rud atá le moladh go hard dar liom. 

Bheadh sé níos céillí don Stát imní níos mó a bheith orthu faoi thuistí nach bhfuil suim ar bith acu in oideachas a bpáistí - tuistí a dhéanann faillí ina gcuraimí clainne.

I gcás Monica agus Eddie Uí Néill is léir go bhfuil an-suim ag an mbeirt acu i gcúrsaí oideachais, tá leabhair agus uirlisí ceoil acu sa bhaile agus tá gach cuma ar an scéal gur tuistí grámhara foighneacha iad. Ní dhéánann siad aon rud a bhrú ar na páistí, idir reiligiún nó ábhair eile, agus is léir go bhfuil na páistí ag déanamh go leor foghlama as a stuaim féin in ainneoin nach bhfuil oideachas foirmiuil a fhail acu. Anuas air sin, tá cónaí orthu i dteach álainn faoin tuath ina bhfuil saoirse chun spaisteoireachta agus súgartha acu. Tá an t-ádh ar an teaghlach seo go bhfuil siad in ann a gcuid páistí a choinneáil sa bhaile agus dar liom go bhfuil siad i bhfad níos fearr as sa bhaile ná ar scoil.

Tagaim le Monica agus Eddie go bhfuil oideachas sa bhaile níos fearr dá bpáistí ina gcás siúd. Faoi mar a deir na páistí san fhíseán, níl aon amhras ach go gcuirtear an-chuid ama amú ar scoil ar cheachtanna leadránacha, chúrsaí riaracháin, ranganna plódaithe, srl. agus go bhfuil easpa saoirse ag na páistí i dtaobh rogha na n-ábhar a bhfuil suim acu féin iontu. Tá an t-ádh ar pháistí Uí Néill nach gá dóibh é seo fhulaingt.

Ach ní acmhainn do mhórán daoine eile a leithéid de dheis a chur ar fáil dá bpáistí. Samhlaigh máthair aonarach in árasán beag cathrach atá ag obair chuile lá, mar shampla. Tá sé an-tábhachtach go bhfreastlódh formhór na bpáistí ar an scoil mar nach bhfuil an t-am nó an cumas ag a dtuistí le haire a thabhairt da bpaisti sa bhaile le linn an lae.

Anuas air sin, tugann an scoil cosaint do pháistí ó dhroch-íde nó aineolas na dtuistí. Tá an baol ann go ndéanfadh tuistí reiligiúnta a gcuid páistí a shiolteagasc sa bhaile. Tá tuistí ann a dhéanann iarracht reiligiún éigin a bhrú ar a bpáistí in áit oideachas leathan a thabhairt dóibh. Sna Stait Aontaithe, is Criostaithe Soiscealacha (Evangelical Christians) iad 75% de na tuisti a theann leis an scolaiocht bhaile. Má cheadaítear do thuistí a bpáistí a choinneáil amach ón scoil tá sé an-deacair oideachas claonta a chosc, más é sin aidhm na dtuismitheoirí. Más rud é go bhfuil na cáilíochtaí cuí ag na tuistí (céim ollscoile a bheith ag duine amháin acu) agus go n-éiríonn leo i measúnú an stáit, tig leo a rogha rud a mhúineadh do na páistí.


Feictear domsa go bhfuil dhá phríomh-chatagóir tuismitheoirí ann a théann leis an oideachas baile mar sin. Ar láimh amháin tá tuistí ann nach bhfuil ach forbairt intleachtúil agus saoirse mar aidhm acu dá gclann. Ach tá tuistí eile ann a théann leis an oideachas baile chun aigne a bpáistí a smachtú agus chun cinnte a dhéanamh nach ndéanann aon duine aigne a bpáistí a 'thruailliú' le smaointe neamhreiligiúnta. Ní suim do na tuistí seo saoirse a thabhairt dá bpáistí ach iad a choimeád ar iall. I dtíortha áirithe ar nós na Sualainne a bhfuil córas scolaíochta neamhreiligiúnta acu tá éigeantas scoile ann chun a leithéid de rud a sheachaint. Creidtear sna tíortha seo go bhfuil sé de cheart ag gach páiste oideachas a fháil atá saor ón síolteagasc reiligiúnta.

In Éirinn, faraor, tá smacht ag an Eaglais Chaitliceach ar fhormhór na mbunscoileanna go fóill agus tá éiteas reiligiúnta iontu dá bhrí sin - tá curaclam reiligiúnta ann, agus múintear na saicrimintí iontu. Go minic níl an dara rogha ag tuistí neamhreiligiúnta ach a bpáistí a chur ar scoil atá faoi smacht na hEaglaise toisc nach bhfuil aon chineál eile scoile ar fáil. Roghnaíonn cuid acu a bpáistí a choinneáil sa bhaile chun a leithéaid de theagasc reiligiúnta a sheachaint.





Saturday, 4 October 2014

Smaointe ar Theagasc Teangacha

Eoin Ó Cróinín
Nuair a thosaigh mé sa chéad bhliain san ollscoil ní raibh mo chuid Fraincise thar moladh beirte, in ainneoin gur chaith mé sé bliana i mbun a staidéir ar scoil agus gur éirigh go maith liom inti san Ardteist. Léiríodh dom ar an ollscoil nach ionann cruthú go maith i scrúduithe agus teanga a bheith ar do thoil agat, áfach. 
Nuair a thuig mé a laghad Fraincis a bhí agam in ainneoin an méid ama a bhí caite agam uirthi thosaigh mé ag déanamh machnaimh ar an modh foghlamtha a bhí úsáidte agam ar scoil. Cén fáth nach raibh toradh níos fearr ar na sé bliana a bhí caite agam ar theanga Moliere ar scoil?

Tuigim anois gur chuir mé an-chuid ama amú ar scoil ag plé leis an bhFraincis toisc modh foghlamtha mí-éifeachtach a bheith in úsáid agam. Bhreathnaigh mé ar an teanga mar ábhar acadúil eile a raibh scrúduithe agus staidéar ag baint leis. Shamhlaigh mé an teanga le ceachtanna leadránacha gramadaí agus liostaí foclóra a chur de ghleanmheabhair. Ina áit sin, bhí se de cheart agam mé féin a thumadh i gcultúr agus litríocht na teanga, iarracht a dhéanamh casadh ar Fhrancaigh agus labhairt leo. Thosaigh mé air sin a dhéanamh ar an ollscoil agus rinne mé níos mó dul chun cinn laistigh de bhliain amháin na mar a bhí déanta agam sna sé bliana roimhe sin.

Ní mise an t-aon duine nach bhfuair luach a shaothair ar theanga ar scoil - sílim go dtarlaíonn sé go minic. Cén chaoi a bhféadfaí a scéala réiteach, mar sin?

Caithfimid an Ghaeilge a mheas mar theanga eachtrannach do dhaltaí i scoileanna Béarla, murab ionann le scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Tá an teanga ag muintir na Gaeltachta ón gcliabhán agus tá lucht na Gaelscolaíochta tumtha inti chuile lá, ach do thromlach mhuintir na tíre caithfidh siad iarracht a dhéanamh an teanga a thabhairt leo i rang Gaeilge nach mbíonn acu ach cúpla uair sa tseachtain. Is í seo croílár na faidhbe - ní áit mhaith é an seomra ranga le teanga a thabhairt leat. Dar liom féin gur trua mór é go samhlaítear an teanga le ceachtanna gramadaí sa seomra ranga agus nach bhfuil níos mó deiseanna ann do dhaoine leas a bhaint as an teanga lasmuigh den scoil. Tá sé an-tábhachtach go spreagtar daltaí dul i ngleic le stór cultúrtha agus daonna teangacha in áit iad a choinneáil sa seomra ranga. Is léir go bhfuil meon níos dearfaí ag daltaí a chaitheann seal sa Ghaeltacht ná mar atá ag daltaí a shamhlaíonn an teanga leis an téacsleabhar sa seomra ranga amháin, mar shampla.

Ar ndóigh, tá ranganna teanga tabhachtach chun treoir agus comhairle a chur ar dhaltaí. Ach ní leor cúpla rang Gaeilge in aghaidh na seachtaine chun chun go mbeadh sí ar do thoil agat. An té a chaitheann go leor ama ag plé leis an teanga as a stuaim féin éireoidh leis. Cén chaoi a bhféadfaimis daltaí a spreagadh lena leithéid a dheánamh? I dtosach báire trína chinntiú go bhfuil go leor ábhar ar fáil i nGaeilge sna scoileanna agus go dtugtar deis do dhaltaí úsáid a bhaint as. Ba cheart réimse leathan léitheoireachta a bheith ann - irisí, leabhair, taifid fuaime de chainteoirí dúchais, srl. Sílim gur cheart rang amháin in aghaidh na seachtaine a thabhairt suas don léitheoireacht agus don éisteacht.

 Dar liom go n-éiríonn go maith le daltaí Gaelscolaíochta an Ghaeilge a shealbhú toisc go mbíonn siad ag plé léi chuile lá ar bhealach nádúrtha taitneamhach - ionsúnn siad isteach í i ngan fhios dóibh. Dá ndéanfadh múinteoirí i scoileanna Béarla an cineál seo timpeallachta a athchruthú bheadh leo. 
tb_1920x1080
                                                                                                      

Friday, 26 September 2014

Cén focal ba cheart a úsáid le 'vegetarian' a aistriú go Gaeilge?

Tá an focal 'feoilséantóir' tugtha ag Ó Dónaill agus De Bhaldraithe ina gcuid foclóirí mar aistriúchán ar 'vegetarian'. Tá áthas orm go bhfuil focal eile in úsáid ag focal.ie - 'veigeatóir', ar chupla cúis.

 I dosach báire, is aistriúchán míchruinn é feoilséanadh ar an gcoincheap Béarla, ‘vegetarianism’. Ní hamháin go staonann veigeatóirí ón bhfeoil, ach fanann siad amach ón iasc freisin. Ní thugann ‘feoilséanadh' é seo le fios - díríonn sé ar an bhfeoil amháin. Tá focal ar leith sa Bhéarla le cur síos a dhéanamh ar dhuine a staonann ón bhfeoil ach a itheann iasc - 'pescetarian'.

  Ach cén fáth gur coincheap é an feoilséanadh sa Ghaeilge ach nach bhfuil an t-iascséanadh ann, mar sin? An raibh sé de nós ag ár sinsear éirí as an bhfeoil ach leanúint orthu ag ithe iasc? D’fhéadfadh sé gur mar sin a tharla ar chúpla cúis - an tír eolas agus an reiligiún. Toisc gur i gceantair chósta nó oileáin is mó a mhair pobail na Gaeltachta anuas go dtí ár n-aois féin, is dócha go bhféadfaidís dul gan feoil gan fadhb toisc go raibh go leor iasc acu ach ní fhéadfaidís staonadh ón iasc mar nach mbeadh mórán eile le n-ithe acu ina áit!

  Maidir leis an reiligiún, tá sé de nós ag Caitlicigh staonadh ón bhfeoil ar Aoine an Chéasta agus b'fhéidir gurb as sin a shíolraigh an focal seo sa Ghaeilge. Amhail an focal 'féintruailliú', a bhfuil breithiúntas mórálta Caitliceach ag dul leis, táim ag ceapadh go raibh tionchar ag an reiligiún ar chumadh an fhocail 'feoilséanadh'. Níl anseo ach barúil ar ndóigh – níl aon fhoinse agam.

  Tá 'feoilséanadh' ró-chúng ar bhealaí eile freisin. Tá daoine eile nach n-itheann feoil riamh, ar ndóigh, agus ní bheadh sé oiriúnach feoilséantóirí a ghlaoch orthu toisc nach é go díreach go bhfuil siad ag diúltú don fheoil - ní ann don fheoil ar chor ar bith mar fhoinse bia acu. Is minic go mbíonn cúiseanna reiligiúnta acu. Tá Indiaigh agus Búdaithe ann nach n-itheann feoil leis na mílte bliain anuas, mar shampla, toisc gur idéal sa Hindúchas agus sa Bhudaíochas foréigean a scheachaint i leith gach créatúr beo. Bheadh sé míchruinn 'feoilséantóirí' a ghlaoch ar na daoine seo, dar liom - ní dhéanann an chuid is mó acu aon chinneadh pearsanta chun staonaodh ón bhfeoil, ach sin mar atá sé sa chultúr acu leis na cianta. Caithfidh gur thóg cuid dá sinsir cinneadh le cúl a thabhairt don fheoil ach ní bhaineann sin leis an dream atá suas sa lá atá inniu ann. Is nós seanbhunaithe acu é agus ní dócha gur gá dóibh mórán machnaimh a dhéanamh air toisc go bhfuil béilte blasta folláine acu nach mbaineann úsáid as feoil agus leanann na páistí sampla na ndaoine eile ina dtimpeall.

    Más rud é go dtógtar páiste ar aiste bia veigeatórach, ní gá don pháiste sin diúltú don fheoil, go háirithe má fhásann sé suas i gcultúr veigeatórach - rud atá ag éirí níos coitianta i dtíortha forbartha. Bheadh sé amaideach 'feoilséantóir' a ghlaoch ar pháiste a mhaireann ar bhia veigeatóireach ón gcliabhán - ar nós aindiagaí a ghlaoch ar pháiste nár chuala trácht ar Dhia riamh.

  Tá daoine eile ann nach mbacann le feoil a ithe toisc go bhfuil raon bia plandúil chomh flúirseach sin ar fáil acu go nádúrtha ina dtimpeallacht féin nach bhfuil feoil ag teastáil lena gcothú - an treibh a bhfuil cónaí orthu i ngleann Vilcabamba san Eacuadór, cuir i gcás. Ní itheann siad níos mó ná unsa feola in aghaidh na seachtaine, nuair a itheann siad in aon chor í. Arís ní hé go ndiúltaíonn an treibh seo don fheoil, ach ní bhacann siad léi. 

  Tá brí chúng ag 'feoilséantóir', mar sin. Ní shamhlaím é ach le Caitlicigh a théann gan feoil ar Aoine an Chéasta nó le linn an Charghais. Ach b'fhéidir go bhféadfaimis é a úsáid le cur síos a dhéanamh ar dhuine atá díreach tar éis iompú ina veigeatóir. Is dócha go mbeadh ar an té seo diúltú don fheoil ar feadh tamaill go dtí go nglacann cairde, teaghlach, srl. nach bhfuil aon anonn ná anall faoi! Is minic go leanann cairde nó baill teaghlaigh ag tairiscint feola don veigeatóir go neamhairdiúil agus is gá dó na tairiscintí seo a dhiúltú.

  Tharla sé seo domsa. Lean mo thuistí orthu ag impi orm feoil a ithe, mar shampla, toisc go raibh siad cinnte de go raibh an bás i ndán dom mura n'íosfainn greim feola gach lá. Sílim go raibh mo mháthair ag iarraidh go ndéanfainn dearmad ar mo chinneadh - lean sí uirthi ag ullmhú feola dom ar feadh tamaill. Rinne sí iarracht fiú greim feola a chur i bhfolach i bprátaí ar mo phláta. Ach tá áthas orm a rá gur sheas mé an fód i gcoinne a cuid ionsaithe feola agus nach bhfuilim tar éis bás a fháil den ocras. Daoine eile thairg siad feoil dom i ngan fhios dóibh go raibh mé tar éis é a thabhairt suas. Sílim go raibh áthas an domhain ar chara amháin nuair a thuig sé gur veigeatóir a bhí ionam agus mé ina theachsa don dinnéar mar bhí sé in ann na hispíní a ghoid ó mo phláta.

Dúirt cara eile liom go mbeadh sé níos fusa dó a rá lena athair go raibh sé aerach (cé nach bhfuil sé) na a ra leis go bhfuil sé éirithe as an bhfeoil. Fear mór bearbaiciú is ea an t-athair, fiú nuair a bhíonn an aimsir fliuch le linn an gheimhridh. Níl aon ócáid teaghlaigh ann nach mbaintear leas as an mbearbaiciú. Ar bhealach tuigim cás an athar. Is ócáid é an bearbaiciú gur deacair a shárú. Tugann sé an deis don athair rud éigin fiúntach a dhéanamh ar son cairde agus clainne. Fir nach bhfuil mórán maithis iontu sa chistin ceadaítear dóibh dul i mbun an bhearbaiciú ar aon chuma. Anuas air sin, is ócáid shóisialta tábhachtach é atá fréamhaithe i gcultúr na hÉireann faoin am seo. Is bealach é le feoil a chóicearáil go tapa blasmhar agus ní gá ach sailéad agus arán a ullmhú leis. Is breá leis an saol mór freastal air. Tuigim cén fáth go mbeadh daoine buartha dá gcuirfí deireadh leis an gcleachtas seo ar son na n-ainmhithe.

B'fhéidir go mbeadh sé cruinn, mar sin, feoilséantóirí a thabhairt orm agus mo chomh-veigeatóirí toisc go bhfuil gníomh diúltach agus i gcásanna áirithe, frithshóisialta, á ghlacadh againn nuair a cheilimid feoil orainn féin. Ach i ndiaidh do dhuine laethanta tosaigh an veigeatóireachais a chur de/ di, nuair nach gá feoil a dhiultú a thuilleadh, ní fhéadfaí a rá gur feoilséantóir é an duine a thuilleadh. É sin ráite, b'fhéidir go mbeadh an téarma seo réasúnta úsáideach le cur síos a dhéanamh ar veigeatóir in Éirinn nó i dtír iartharach eile, áiteanna ina bhfuil feoil á hithe ag formhór an phobail. Tá cinneadh comhfhiosach á thógáil ag an bhfeoiliteoir a iompaíonn ar aiste bia veigeatóireach i sochaí na hÉireann, murab ionann leis an té atá ina veigeatóir ón gcliabhán. Ach tá súil agam nach mbreathnófar ar an veigeatóireachas mar chinneadh diúltach ar feadh i bhfad eile, De réir mar a théann líon na veigeatóirí i méid tá athrú ag teacht ar an scéal seo – táthar ag glacadh leis an veigeatóireachas mar rogha ciallmhar eiticiúil, rogha a théann chun leasa sláinte an duine féin, sláinte na n-ainmhithe agus sláinte na timpeallachta. Rogha nach bhfuil diúltach ná baol air.